Skip to main content

Culture and Creativity

Sráidbhaile Shengen, Lucsamburg

Is sráidbhaile é Schengen atá suite ar bhruacha na Moselle, sa cheantar ina dtagann teorainneacha Lucsamburg, na Gearmáine agus na Fraince le chéile. Is anseo ar long chúrsála abhann in 1985 agus 1990 a síníodh Comhaontú Schengen agus Coinbhinsiún Cur Chun Feidhme Schengen faoi seach. I sráidbhaile Schengen, tá an-chuid áiteanna ann a thugann an Comhaontú chun cuimhne, mar shampla an tIonad Eorpach ina bhfuil Músaem Schengen. Ó síníodh Comhaontú Schengen tá an t-ainm Schengen inaitheanta anois leis an tsaorghluaiseacht san Eoraip.

Faigh tuilleadh eolais faoi roghnú an tsuímh ó thuarascáil an phainéil.