- Dáta a fhoilsithe:
30 Bliain ó thit an Cuirtín Iarainn
Ba é ab aidhm don tionscadal machnamh a dhéanamh agus feasacht a ardú maidir le stair ollsmachtach na Slóvaice, Phoblacht na Seice, na Polainne agus na Rómáine.
- Earnálacha:
- An oidhreacht chultúrtha
- Na hAmharc-ealaíona
- Tíortha:
-
An Eastóin
-
An Pholainn
-
An Rómáin
-
An tSlóvaic
- Foinse an mhaoiniúcháin:
- An Clár um an Eoraip ar son na Saoránach (EFC)
Rinne an Clár um an Eoraip ar son na Saoránach (EFC) cómhaoiniú ar 30 Bliain ó thit an Cuirtín Iarainn. Le ceiliúradh a dhéanamh ar chomóradh 30 bliain ó thit an Cuirtín Iarainn, ba é ab aidhm don tionscadal machnamh a dhéanamh agus feasacht a ardú maidir le stair ollsmachtach na Slóvaice, Phoblacht na Seice, na Polainne agus na Rómáine. Agus feasacht á hardú i measc na saoránach i dtaca lena stair, bhí sé d’aidhm ag an tionscadal ceiliúradh a dhéanamh ar 30 bliain den daonlathas agus teachtaireacht dóchais, lamháltais agus comhionannais a chur amach, in ainneoin na bolscaireachta atá i bhfad amach ar an eite dheis a bheith ag dul i méid.
Tá trí ghníomhaíocht idirnasctha mar chuid den tionscadal. Ar dtús, bailíodh na mílte teistiméireachtaí ó fhinnéithe, sin agus cuireadh agallamh ar 40 rannpháirtí agus scannánaíodh iad go gairmiúil. Bailíodh le chéile teistiméireachtaí ar a ndearadh taifead faoi imeachtaí 1989, grianghraif agus doiciméid stairiúla agus uaslódáladh iad chuig cartlann ar líne darb ainm ‘Cuimhní na Náisiún’. Cuireadh le chéile freisin taispeántais i gcathracha éagsúla sna ceithre thír, sin agus suiteáladh roinnt den ábhar agus na teistiméireachtaí a cuireadh sa chartlann i spásanna poiblí freisin. Ar deireadh, reáchtáladh 12 cheardlann oideachasúla freisin i ngach ceann de na 4 thír - 4 cinn i mbunscoileanna, 4 cinn i meánscoileanna agus 4 cinn in ollscoileanna. Bunaíodh na ceardlanna idirghníomhacha ar na teistiméireachtaí a bailíodh ar imeachtaí 1989.
Is eagraíocht neamhrialtasach í an eagraíocht bainistithe Post Bellum SK a dhéanann teistiméireachtaí ar eachtraí stairiúla an 20ú haois a dhoiciméadú agus a scaipeadh ar an bpobal i gcoitinne. Oibríonn sí i gcomhpháirtíocht le 3 eagraíocht áitiúla i bPoblacht na Seice, sa Pholainn agus sa Rómáin. Thug 35 shaineolaí scannánaíochta agus léiriúcháin léargas i dtaca leis na hagallaimh a scannánaíodh. D’éirigh leis na scéalta dul i bhfeidhm ar na mílte saoránach agus ghlac níos mó ná 270 duine páirt sna ceardlanna.