Skip to main content

Culture and Creativity

Treoir maidir le Maoiniú ó CulturEU

Deiseanna Maoiniúcháin 2021-2027 ón Aontas d’Earnálacha an Chultúir agus na Cruthaitheachta.

Téigh go dtí an treoir maidir le maoiniú

Slide

Leis an treoir idirghníomhach seo, is mian leis an gCoimisiún Eorpach rochtain ar na deiseanna maoiniúcháin atá ar fáil do na hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta a éascú ar fud na bhfoinsí maoiniúcháin uile atá ar fáil ón Aontas Eorpach le linn 2021-2027.

Is é an aidhm atá ann cabhrú le gníomhaithe sna hearnálacha sin a aithint cad iad na foinsí tacaíochta is oiriúnaí ón Aontas dá dtionscadail.

Conas a oibríonn sé

Freagair sraith ceisteanna bunaithe ar an earnáil ina bhfuil tú ag obair, ar an gcineál eagraíochta, agus ar an tacaíocht atá uait. Cuirfidh na torthaí ar do chumas díriú ar na foinsí maoinithe cuí agus ar na glaonna atá ar fáil is fearr a oireann duit.

San áireamh sna torthaí beidh na buiséid atá ar fáil, próiseas cur i bhfeidhm na bhfoinsí éagsúla maoiniúcháin agus nasc chuig an gclár sonrach nó chuig na glaonna sonracha.

Treoir maidir le Maoiniú ó CulturEU

Aimsigh an deis mhaoiniúcháin is fearr duitse, bunaithe ar an earnáil ina bhfuil tú ag obair, ar an gcineál eagraíochta agus ar an tacaíocht atá á lorg agat.

Tacaíocht do dhaoine atá thíos le hionradh na Rúise ar an Úcráin

Tá rún daingean ag an gCoimisiún Eorpach tacú le muintir na hÚcráine agus gach cúnamh atá ar fáil a chur ar fáil in earnáil an chultúir agus na cruthaitheachta agus níos faide ar aghaidh le linn na tréimhse dúshlánaí atá ann faoi láthair.

Féach leat an tacaíocht go léir ón Aontas don Úcráin  

Cás-staidéir

Faigh amach faoin dóigh ar bhain tionscadail eile tairbhe as na deiseanna maoiniúcháin a bhí ar fáil ón Aontas Eorpach le linn 2014-2020.