Leis an deis mhaoiniúcháin seo tacaítear le tionscadail comhair ar scála beag, meánscála agus scála mór thar earnálacha éagsúla. Mar shampla, i gcás ghlaonna earnáil na hoidhreachta cultúrtha in 2021, díríodh sa ghlao sin ar thacaíocht a thabhairt do ghairmithe oidhreachta cultúrtha a bhfuil raon gníomhaíochtaí acu. Orthu sin bhí cruthú ceoil, cur chun cinn, dáileadh agus giniúint ioncaim, freagairt do threochtaí nua digiteacha, dlíthiúla agus teicniúla a eascraíonn as nuálaíochtaí san earnáil agus samhlacha nua gnó, onnmhairiú ceoil lasmuigh den Aontas, agus dáileadh ceoil thar theorainneacha an Aontais.
Maidir le tionscadail chomhair ar scála beag, ní mór ar a laghad trí chomhpháirtí as 3 thír éagsúla incháilithe a bheith ag cuibhreannas. Méid an deontais suas le €200,000. Is é 80% an t-uasráta maoiniúcháin ón Aontas atá socraithe.
Maidir le tionscadail chomhair ar meánscála, ní mór ar a laghad 5 chomhpháirtí as 5 thír éagsúla incháilithe a bheith ag an gcuibhreannas a chuireann an togra isteach. Méid an deontais suas le €1 mhilliún. Is é 70% an t-uasráta maoiniúcháin ón Aontas atá socraithe.
Maidir le tionscadail chomhair ar scála mór, ní mór ar a laghad 10 gcomhpháirtí as 10 dtír éagsúla incháilithe a bheith ag cuibhreannas a chuireann an togra isteach. Méid an deontais suas le €2 mhilliún. Is é 60% an t-uasráta maoiniúcháin atá socraithe ag an Aontas.