Leis an deis mhaoiniúcháin seo tacaítear le tionscadail comhair ar mhionscála, in earnálacha éagsúla. Mar shampla, maidir leis na glaonna in earnáil na leabhar agus na foilsitheoireachta in 2021, díríodh sa ghlao sin ar thacaíocht a thabhairt do ghairmithe earnáil na leabhar chun aistriúcháin ar shaothair nó cearta oiriúnaithe i dtaca le saothair a dhíol ar mhaithe le cúrsaíocht shaothair liteartha na hEorpa a mhéadú san Eoraip agus níos faide i gcéin, saothair a scríobhtar i dteangacha neamhfhorleathana go háirithe.
Maidir le tionscadail comhair ar mhionscála, ní mór triúr comhpháirtithe arb as 3 thír éagsúla incháilithe dóibh a bheith ag cuibhreannas. Is é suas le €200,000 méid an deontais. Is é 80% an t-uasráta maoiniúcháin atá socraithe ag an Aontas.
Maidir le tionscadail comhair ar mheánscála, ní mór cúigear comhpháirtithe arb as 5 thír éagsúla incháilithe dóibh a bheith ag cuibhreannas a chuireann isteach tograí. Is é suas le €1 mhilliún méid an deontais. Is é 70% an t-uasráta maoiniúcháin atá socraithe ag an Aontas.
Maidir le tionscadail comhair ar mhórscála, ní mór cúigear comhpháirtithe arb as 10 thír éagsúla incháilithe dóibh a bheith ag cuibhreannas a chuireann isteach tograí. Is é suas le €2 mhilliún méid an deontais. Is é 60% an t-uasráta maoiniúcháin atá socraithe ag an Aontas.