Is é Cnuasach1 ‘An tSláinte’ agus tá sé mar aidhm aige sochaí Eorpach a chruthú a bheidh níos láidre, níos ionchuimsithí agus níos daonlathaí. Dírítear mar chuid den snáithe ar phríomhtheicneolaíochtaí, príomh-earnálacha agus príomhshlábhraí luacha digiteacha atá ag teacht chun cinn a fhorbairt.
Maidir le glaonna ar thograí faoin teideal ‘Ag fanacht sláintiúil i sochaí atá ag athrú go tapa’, d’fheadfadh baint a bheith ag páirtithe leasmhara cultúrtha leo mar chomhpháirtithe a chuireann le stíleanna maireachtála agus iompraíochtaí níos sláintiúla a chur chun cinn, sin agus féadfaidh siad tacú le réitigh éifeachtacha chun an tsláinte a chur chun agus chun galair a chosc.
An príomhfhócas agus na príomhthosaíochtaí a leagtar amach don chnuasach sin, beidh siad ábhartha don tréimhse 2021-2022, agus na tosaíochtaí agus na spriocanna nua faoin gcnuasach sin, eiseofar iad trí chlár oibre nua agus trí ghlaonna nua tar éis 2022.
• i mBallstát den Aontas Eorpach, i réigiúin is forimeallaí an Aontais san áireamh.
• i dTíortha agus na Críocha Thar Lear atá nasctha leis na Ballstáit.
• i dTíortha incháilithe nach dtíortha den Aontas iad (tíortha atá comhlachtaithe le Fís Eorpach agus tíortha ísealioncaim agus meánioncaim).