Is é is aidhm do na gníomhaíochtaí faoin bhfochlár ‘Rannpháirtíocht a leathnú agus an Limistéar Eorpach Taighde a neartú’ scaipeadh agus saothrú thorthaí an taighde a chur chun cinn tríd an idirghníomhaíocht idir an t-oideachas agus an taighde a threisiú. Is féidir le geallsealbhóirí cultúrtha agus cruthaitheacha a bheith rannpháirteach mar chomhpháirtithe i dtionscadail taighde atá dírithe ar bharr feabhais na nuálaíochta réigiúnaí a neartú, lena n-áirítear éiceachórais de chuid gníomhaithe éagsúla a fhéadfaidh eolas a scaipeadh agus rannpháirtíocht a leathnú sa phróiseas taighde agus nuálaíochta. Beidh an príomhfhócas agus na príomhthosaíochtaí a leagtar amach don chnuasach sin ábhartha don tréimhse 2021-2022, agus eiseofar tosaíochtaí agus spriocanna nua faoin gcnuasach sin trí chlár oibre nua agus glaonna tar éis 2022.
• Ballstáit an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí;
• Na Tíortha agus na Críocha Thar Lear a bhfuil baint acu leis na Ballstáit;
• Tíortha incháilithe nach den Aontas iad (tíortha a bhfuil baint acu le Fís Eorpach).