Skip to main content

Culture and Creativity

Closamharc

Measann an Coimisiún Eorpach go bhfuil earnáil na scannánaíochta agus an earnáil chlosamhairc (AV) ríthábhachtach chun éagsúlacht agus ceannasacht chultúrtha na hEorpa a chosaint. Dá bhrí sin, tacaíonn sé le saothair Eorpacha ar ardchaighdeán a fhorbairt, a dháileadh agus a chur chun cinn (scannáin, sraitheanna teilifíse, cláir faisnéise, cluichí físe agus ábhar tumthach) agus é mar aidhm aige leis sin feabhas feabhas a chur ar iomaíochas thionscal AV na hEorpa ar an leibhéal domhanda.

Clár MEDIA Eoraip na Cruthaitheachta

Tá sraith MEDIA den chlár Eoraip na Cruthaitheachta ag tacú le hearnáil scannánaíochta agus le hearnáil AV na hEorpa ó 1991 i leith. In imeacht na mblianta, tá athrú tagtha ar an tacaíocht sin chun go mbeadh sí in oiriúint d’athruithe teicneolaíocha. Tá bearta curtha i bhfeidhm leis an tacaíocht sin, cuir i gcás

  • tacaíocht a chur ar fáil do ghairmithe trí dhreasachtaí oiliúna agus comhair
  • spreagadh a thabhairt chun scannáin, cluichí físe agus, le déanaí, eispéiris thumtha a fhorbairt
  • dlús a chur le dáileadh saothar closamhairc ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin
  • tacaíocht a thabhairt d’fhéilte, margaí, pictiúrlanna agus tionscadail forbartha lucht féachana
  • beartas iomlánaíoch closamhairc Eorpach a chur chun cinn

Na dúshláin atá roimh an earnáil chlosamhairc faoi láthair

Tá earnáil chlosamhairc na hEorpa comhdhéanta de líon mór cuideachtaí léiriúcháin agus dáileacháin neamhspleácha atá thar a bheith nuálach agus cruthaitheach. Cé go bhfuil acmhainneacht chruthaitheach shuntasach na dtionscal cultúrtha Eorpach sna cuideachtaí sin, is minic nach mbíonn an neart airgeadais acu le dul san iomaíocht ar an leibhéal domhanda.

Le deich mbliana anuas, tá athruithe tapa tar éis dul i bhfeidhm ar earnáil na scannánaíochta agus an earnáil AV i ngeall ar réabhlóidí teicneolaíochta agus digiteacha. I bhfianaise na n-athruithe sin, rinneadh athmhúnlú ar an gcaoi a ndéantar ábhar closamhairc a chruthú, a dháileadh agus a úsáid. Chun glacadh leis na dúshláin nua sin, ní mór do ghairmithe scileanna digiteacha nua a fhorbairt. An tráth céanna, ní mór do chuideachtaí samhlacha gnó nuálacha a ghlacadh, sin agus a chinntiú go mbeidh rochtain dhigiteach níos fearr ar ábhar ag a lucht féachana.

Cad iad na chéad chéimeanna eile?

Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag tacú leis an earnáil ar fud an tslabhra luacha. Faoi chreat airgeadais ilbhliantúil nua idir 2021 agus 2027 ag a bhfuil buiséad méadaithe, leanfaidh MEDIA Eoraip na Cruthaitheachta de thacaíocht a thabhairt don tionscal chun an comhar a mhéadú thar theorainneacha, chun glacadh go fonnmhar leis an nuálaíocht, le teicneolaíochtaí nua agus le samhlacha nua gnó, é sin go léir agus chun an lucht féachana a chur i gcroílár bheartas AV na hEorpa.