Skip to main content

Culture and Creativity

Teach Robert Schuman, Scy-Chazelles na Fraince

Meastar gurb é Robert Schuman (1886-1963) duine de bhunaitheoirí an Aontais Eorpaigh, nó ‘Athair de chuid na hEorpa’. Trína dhearbhú an 9 Bealtaine 1950, a dhéantar a chomóradh gach bliain mar Lá na hEorpa, leag sé na bunchlocha síos le haghaidh an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach agus le haghaidh na n‑institiúidí Eorpacha uile a bhí le teacht.

Cheannaigh sé an teach in 1926 agus, ó 1960 i leith, is ann a chaith sé deireadh a shaoil. Tá músaem ann inniu agus is iomaí rud le Robert Schuman atá le fáil ann, rud a chruthaíonn an ceangal a bhí aige leis an idéal Eorpach.

Faigh tuilleadh eolais faoi roghnú an tsuímh i dtuarascáil an phainéil.