Skip to main content

Culture and Creativity

Dáta a fhoilsithe:

Ón Danmhairg go dúiche Rhodope: an t-iascach a thabhairt níos gaire do na saoránaigh

Maoiníodh an tionscadal seo tríd an líonra FARNET, faoin gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI). Le FARNET tugtar Grúpaí Áitiúla Gníomhaíochta Iascaigh (FLAGanna) le chéile agus cruthaítear comhpháirtíochtaí chun tionscadail áitiúla a mhaoiniú.

Earnálacha:
Tíortha:
Méid an bhuiséid:
Foinse an mhaoiniúcháin:
Boy point at fish

I gcás an tionscadail seo, tar éis dó cuairt staidéir a thabhairt ar ghrúpa FLAG atá lonnaithe in Fyn na Danmhairge, spreagadh ball de chomhlachas iascairí ón mBulgáir chun ceann de na tionscadail Dhanmhargacha a chur in oiriúint dá limistéar áitiúil féin. Neartú na turasóireachta agus na hiascaireachta áineasa, shainaithin an FLAG sa Bhulgáir iad sin mar thosaíochtaí do dhúiche Rhodope, agus go mbainfí amach iad agus na limistéir nádúrtha faoi chosaint á n-urramú ag an am céanna. Bhí sé d’aidhm ag an tionscadal seo borradh a chur faoin turasóireacht agus eolas áitiúil ar oidhreacht an iascaigh a fheabhsú.

Tríd an tionscadal FLAG seo, thóg an Cumann Seilge agus Iascaigh áitiúil ionad taispeántais iascaigh i seanfhoirgneamh agus dhear na baill an t-ábhar a bhí le cur ar taispeáint ann, macasamhlacha lánmhéide de na speicis áitiúla iasc, cuir i gcás. D’fhorbair siad ardán gréasáin freisin ar a bhfuil liostaí d’eolas turasóireachta agus iascaigh amhail lóistín, pointí eolais, siopaí trealaimh iascaireachta, mar aon le siopaí agus bialanna inar féidir le cuairteoirí táirgí úra a bhlaiseadh.

Seoladh an t-ardán gréasáin in 2020 agus tugadh breis agus 1,700 cuairt air sa chéad chúpla mí. Tá an t-ionad taispeántais á úsáid le haghaidh cuairteanna scoile, gníomhaíochtaí oideachais comhshaoil, imeachtaí ardaithe feasachta chomh maith le comhroinnt eolais ar ábhair a bhaineann leis an oidhreacht nádúrtha. Tá sé cruthaithe cheana féin go bhfuil an tionscadal seo inaistrithe agus d’fhéadfadh sé a bheith ina dhea-chleachtas úsáideach do na limistéir iascaigh uile a bhfuil an acmhainn iontu turasóireacht atá bunaithe ar an iascach a fhorbairt, go háirithe áiteanna a bhfuil sé deacair gnólachtaí nua a thosú de bharr an stádais chosanta atá ag an limistéar áitiúil.

Is é Devin Hunting agus an Cumann Iascaireachta a rinne comhordú ar an tionscadal i gcomhar le FLAG Ard-Dúiche Rhodope Thiar. Ba é €43,271 buiséad iomlán an tionscadail, agus thug an tAontas €36,780 den mhéid sin trí mhaoiniú ón CEMI.