Is é Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) príomhionstraim na hEorpa chun infheistíocht a dhéanamh sna daoine.
Agus buiséad ag CSE+ ina bhfuil beagnach €99.3 billiún don tréimhse 2021-2027, leanfaidh sé de rannchuidiú tábhachtach a thabhairt do bheartais fostaíochta, shóisialta, oideachais agus scileanna an Aontais, agus athchóirithe struchtúracha sna réimsí sin san áireamh.
Beidh an Ciste ar cheann de bhunchlocha théarnamh socheacnamaíoch an Aontais ó phaindéim an choróinvíris freisin. Mar gheall ar an bpaindéim, cuireadh an dul chun cinn atá déanta i rannpháirtíocht an lucht saothair ó mhaith, cuireadh brú ar na córais oideachais agus sláinte agus tháinig méadú ar an neamhionannas. Beidh CSE+ ar cheann de phríomhionstraim an Aontais chun cuidiú leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin.
Tabharfar tús áite do na nithe seo a leanas:
- Tacú le daoine óga cáilíocht a fháil, post ar ardchaighdeán a aimsiú, agus feabhas a chur ar a n-oideachas agus a n-oiliúint
- Ag cabhrú le leanaí atá i ngátar
- Daoine a athsciliú agus a uas-sciliú don aistriú chuig geilleagar glas digiteach
- Fothú acmhainneacht na gcomhpháirtithe sóisialta agus na n‑eagraíochtaí sochaí sibhialta.
- Comhar trasnáisiúnta chun nuálaíocht shóisialta a chur chun cinn ar fud an Aontais
- Tacaíocht dhíreach don nuálaíocht shóisialta tríd an snáithe Fostaíochta agus Nuálaíochta Sóisialta (EaSI)
- Mar chuid den bheartas comhtháthaithe, leanfaidh CSE+ de bheith ag tacú leis an gcomhtháthú eacnamaíoch, críochach agus sóisialta san Aontas Eorpach, agus laghdófar na héagothromaíochtaí idir na Ballstáit agus na réigiúin dá bharr.
CSE+: meascán de cheithre chiste
Le CSE+ tugtar le chéile ceithre ionstraim chistiúcháin a bhí ar leithligh sa chlárthréimhse 2014-2020: Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE), an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (FEAD), an Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg, agus Clár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta (EaSI).
An dóigh a gcuirfidh CSE+ tacaíocht ar fáil
Tugtar tacaíocht faoi CSE+ tríd an méid seo a leanas:
- Infheistíochtaí arna gcur chun feidhme ag na Ballstáit i gcomhpháirtíocht leis an gCoimisiún. Tá buiséad ina bhfuil beagnach €98.5 billiún ar fáil le h aghaidh na n-infheistíochtaí sin don chlárthréimhse 2021-2027. Is iad na Ballstáit atá freagrach as cláir a fhorbairt ar an leibhéal náisiúnta agus/nó ar an leibhéal réigiúnach, cláir a ghlacfaidh an Coimisiún Eorpach ina dhiaidh sin. Is iad na cláir sin is bunús le hinfheistíochtaí a bheidh le cur chun feidhme trí ghlaonna ar thograí/tairiscintí. Féach achoimrí na gclár náisiúnta nó réigiúnach ar shuíomhanna gréasáin tiomnaithe na mBallstát.
- Infheistíochtaí arna gcur chun feidhme go díreach ag an gCoimisiún faoi shraith EaSI. Tá buiséad ina bhfuil beagnach €762 mhilliún ar fáil le haghaidh na n-infheistíochtaí sin don chlárthréimhse 2021-2027. Foilsítear glaonna ar thograí go rialta ar an suíomh um Dheiseanna Cistiúcháin agus Tairisceana
Chun iarratas a dhéanamh ar dheontais EaSI, ní mór gurb as an Aontas Eorpach do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí, nó as tíortha nach Ballstáit den Aontas iad a bhfuil comhaontú acu chun páirt a ghlacadh in EaSI. Is féidir le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus eintitis dhlíthiúla arna gcruthú faoi dhlí an Aontais iarratas ar dheontais a dhéanamh chomh maith.