Skip to main content

Culture and Creativity

An oidhreacht chultúrtha agus an t-oideachas

Aontaíonn 88% de shaoránaigh na hEorpa gur cheart oidhreacht chultúrtha na hEorpa a theagasc i scoileanna, mar go n-insíonn sí dúinn faoinár stair agus ár gcultúr. Tagann an staitistic sin ó shuirbhé Eorabharaiméadair 2017 ar an ábhar.

Chun tacú leis sin, cothaíonn an Coimisiún Eorpach feasacht ar oidhreacht chultúrtha na hEorpa tríd an oideachas agus uasmhéadaíonn sé tionchar chlár Erasmus+ laistigh den réimse seo.

Oideachas oidhreachta

Is é an smaoineamh bunúsach leis an oideachas oidhreachta deiseanna a thabhairt chun tabhairt faoi eispéiris nua chun coincheapa agus scileanna nua a fhoghlaim. Trí thaithí a fháil ar an oidhreacht chultúrtha nó anailís a dhéanamh uirthi, faigheann foghlaimeoirí eolas, scileanna intleachtúla agus réimse níos leithne inniúlachtaí ar shaincheisteanna, cothabháil na hoidhreachta cultúrtha, cuir i gcás, nó an fholláine shochaíoch.

Ceann de na cuspóirí a bhí ag Bliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha tacú leis an oideachas agus táthar fós á shaothrú tríd an gCreat Gníomhaíochta Eorpach maidir leis an Oidhreacht Chultúrtha.

Dírítear le roinnt tionscnamh agus acmhainní ar oidhreacht chultúrtha a theagasc ar scoil:

R-Nascadh

Is é R-Nascadh an pobal do scoileanna san Eoraip.

Múinteoirí a bhfuil tús eolais uathu maidir leis an oidhreacht a léirmhíniú agus foghlaim faoin oidhreacht, is féidir leo leabhar ar líne R-Nascadh ‘Learning from the past, designing our future’ a léamh. Áirítear ann

  • 20 smaoineamh agus gníomhaíocht maidir leis an oidhreacht chultúrtha a thabhairt isteach sa seomra ranga
  • 24 shampla de thionscadail spreagúla Ríomhnasctha (do dhaltaí idir 3 agus 19 mbliana d’aois)
  • samplaí ó scoileanna Ríomhnasctha atá ina mbaill de Líonra na Scoileanna Gaolmhara de chuid Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO)

Tuilleadh eolais faoin R-Nascadh.

Tairseach Oideachais Scoile

Is é atá sa Tairseach Oideachais Scoile ardán na hEorpa ar líne don oideachas scoile. Ó cheardlanna tiomanta go comhroinnt na faisnéise, cuidíonn sé leis an oidhreacht chultúrtha a áireamh i ngníomhaíochtaí oideachais i scoileanna ar fud na hEorpa.

Tuilleadh eolais faoin Tairseach Oideachais Scoile.

Foireann uirlisí do mhúinteoirí

Forbraíodh an fhoireann uirlisí seo i rith Bhliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha

Aimsigh tuilleadh ábhar léitheoireachta sa chúinne foghlama.

Tionscadail aibhsithe

Dive Into Heritage

Tríd an tionscadal seo, a forbraíodh faoi Bhliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha, ghlac oibrithe deonacha páirt in oiliúint, cruinnithe, turais agus gníomhaíochtaí eile. D’fhoghlaim siad an dóigh le saibhreas an chultúir a shainaithint agus freagracht a ghlacadh as an oidhreacht a chosaint, a chothabháil agus a aistriú chuig na glúnta atá le teacht. Mhaoinigh an tAontas Eorpach an tionscadal faoin gclár Erasmus+.

Tuilleadh eolais faoin tionscadal ‘Dive Into Heritage’.

Páirt a thabhairt don Óige ar mhaithe le hEoraip Chuimsitheach Inbhuanaithe

Cuidíonn an comhthionscadal AE-UNESCO seo le scoileanna an oidhreacht chultúrtha reatha dholáimhsithe i bpobal na scoile a mhapáil agus í a chomhtháthú i gcuraclaim foghlama. Cuireadh tionscadail phíolótacha chun feidhme i 10 scoil, faoi threoir oiliúnóra de chuid UNESCO. Bunaithe ar thorthaí suirbhé a rinneadh sna scoileanna agus ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó na tionscadail, beidh ábhair chun tacú le múinteoirí an oidhreacht chultúrtha dholáimhsithe a chomhtháthú i ngníomhaíochtaí curaclaim agus seach-churaclaim ar fáil go luath.

Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin an tionscadail agus féach ar na físeáin agus ar na hábhair eile.

INCREAS

Dírítear sa tionscadal seo ar dheiseanna fostaíochta a mhéadú agus coincheap na hoidhreachta cultúrtha inbhuanaithe san Eoraip a chothú. Tá réitigh nuálacha chruthaitheacha oideachais á bhforbairt ag rannpháirtithe tionscadail don earnáil oidhreachta cultúrtha, mar shampla modúil scileanna digiteacha, ceardlanna, cuairteanna staidéir agus clár struchtúrtha malartaithe idir piaraí.

Thairis sin, bunóidh siad fréamhshamhail d’Ionad Inniúlachtaí agus Pobail na hEorpa do Shócmhainní Oidhreachta (Lárionad EUComp) san Ostair a dhíríonn ar inniúlachtaí oidhreachta tógtha. Tá an tionscadal seo á mhaoiniú ag an Aontas Eorpach faoin gclár Eoraip na Cruthaitheachta.

Tuilleadh eolais faoin tionscadal INCREAS.

CHARTER

Tá sé mar aidhm ag 'Bearta Oidhreachta Cultúrtha chun an Oiliúint, Oideachas agus Róil a Bheachtú’ (CHARTER) an bhearna scileanna idir an domhan oideachais agus an domhan gairme a shainaithint agus a laghdú, trí mhaitrís a fhorbairt ina mapálfar scileanna agus inniúlachtaí san earnáil oidhreachta. Cruthóidh sé straitéis scileanna earnála freisin trí threochlár a fhorbairt don earnáil oidhreachta cultúrtha.

Tá an tionscadal seo á chómhaoiniú ag an Aontas Eorpach tríd an gclár Erasmus+, faoin gComhaontas Scileanna Earnála – an Treoirphlean um chomhar earnála maidir le scileanna.

Tuilleadh eolais faoin tionscadal CHARTER.

Tá tuilleadh samplaí tionscadail le fáil ar ardán torthaí tionscadail Erasmus+.