Is é cuspóir an réamhbhirt seo dar teideal ‘An Eoraip i mBun Pinn’ cabhrú le tionscal closamhairc na hEorpa barr feabhais a fhorbairt i gcruthú agus i scríobh ábhar drámaíochta ar ardchaighdeán agus scéalaíocht nuálach a chothú. Tá sé mar aidhm aige cleachtais chomhscríbhneoireachta a chur chun cinn, rud a mhéadóidh taithí na ndaoine cruthaitheacha atá ag obair ar shraitheanna ficsin.
|
Le bheith incháilithe, ní mór do na hiarratasóirí (tairbhithe agus eintitis chleamhnaithe) a bheith ina n-eintitis dhlíthiúla (go háirithe eagraíochtaí neamhbhrabúis, comhlachtaí poiblí nó príobháideacha, institiúidí oideachais agus ionaid taighde), agus ní mór dóibh a bheith bunaithe i gceann de na tíortha incháilithe, i.e. Ballstáit an Aontais (lena n-áirítear tíortha agus críocha thar lear (OCTanna).
Ní mór do thairbhithe agus d’eintitis chleamhnaithe clárú sa Chlár Rannpháirtithe sula gcuirfidh siad an togra isteach, agus beidh orthu bailíochtú a fháil ón tSeirbhís Lárnach Bailíochtaithe (Bailíochtú REA). Maidir leis an mbailíochtú, iarrfar orthu doiciméid ina léirítear stádas dlíthiúil agus tionscnamh a uaslódáil.
Féadfaidh eintitis eile a bheith rannpháirteach i róil chuibhreannais eile, cuir i gcás comhpháirtithe comhlachaithe, fochonraitheoirí, tríú páirtithe a thugann ranníocaíochtaí comhchineáil, etc. (féach roinn 13).