Skip to main content

Culture and Creativity

Barcelona: Ionad spóirt Turó de la Peira

Aclaíocht i spórtlann atá neodrach ó thaobh carbóin de.  

Tír:
Type of project :
Size of city/region:
Turó de la Peira's sports centre

Príomhfhíricí

Stiúideonna ailtireachta: Arquitectura Anna Noguera, J2J architects 

Príomhurraitheoir: BIMSA - Institut Barcelona Esports (IBE) - Ajuntament de Barcelona 

An bhliain a cuireadh an tionscadal i gcrích: 2018 

Ábhair: Adhmad lannaithe réamhdhéanta  

Achar iomlán: 5,489 m² 

Duaiseanna:

  • Gradam Chathair Barcelona, 2019  
  • An Príomhdhuais Tógála Inbhuanaithe de na gradaim Green Solutions, 2020-21 
  • Gradaim na bhFoirgneamh Spóirt de chuid WAF, 2019 
  • Duais Mapei don Ailtireacht Inbhuanaithe, 2019
  • Gearrliosta Ghradam EUmies 2022 

Cathair/cúlra réigiúnach

Ceantar uirbeach is ea Turó de la Peira atá lonnaithe i gceantar tithíochta sóisialta ísealchostais ard-dlúis ó na 1960idí ar imeall chathair Barcelona. Ní raibh aon spásanna cruinnithe sa cheantar, agus bhí easpa spásanna agus saoráidí glasa agus poiblí ann freisin.  

Bhí cúirt spóirt agus linn snámha sa cheantar, a bhí suite idir foirgnimh eile sa cheantar, ach bhí na saoráidí sin seanchaite agus as dáta. Bhí damáiste déanta don linn snámha, agus ní raibh an chúirt spóirt lasmuigh mór go leor chun comórtais a reáchtáil agus chruthaigh sé fadhbanna torainn do mhuintir na háite. Chomh maith leis sin, is éard a bhí sa dreach uirbeach cosáin chrua, ballaí coincréite, gan aon chrainn ná fásra ann.  

Bhí idirghabháil de dhíth chun an timpeallacht ghruama sin nárbh fhéidir a mhaireachtáil inti a athrú ina háit ghlas chairdiúil fháilteach. Chinn Comhairle Cathrach Barcelona comórtas ailtireachta a reáchtáil chun na saoráidí spóirt a thabhairt cothrom le dáta.  

An réiteach

Mar chuid den tionscadal, rinneadh athrú ó bhonn ar an suíomh agus ar an gceantar máguaird tríd an athnádúrú agus an athghiniúint timpeallacha. 

Cumascadh an t-ionad spóirt agus an linn snámha a bhí ann roimhe isteach in aon fhoirgneamh amháin chun tuilleadh spáis a chruthú, agus tógadh gairdín freisin. Tá dhá spás mhóra le chéile san ionad spóirt nua: linn snámha théite sa leathíoslach agus cúirt spóirt ar an urlár uachtarach.  

Cruthaíodh an foirgneamh nuálach chun an méid is lú fuinnimh is féidir a úsáid, agus gnéithe amhail insliú teirmeach bunaithe ar threoshuíomh na gréine san áireamh; braiteoirí ar na fuinneoga dín agus ar na fuinneoga chun trasaeráil éifeachtach a bhaint amach; struchtúr dlúth a bhfuil cuid de faoin talamh chun caillteanas teasa a íoslaghdú; córas aeraiteirmeach lena n-athghabhtar teas ón uisce te a ghintear. Gintear suas le 90% de riachtanais fuinnimh an fhoirgnimh le grianphainéil ar an díon. Leis na plandaí a cuireadh ar an taobh amuigh den struchtúr, tugtar cosaint ón ngrian dó agus cruthaítear spás bithaeráide. Is córas hidreaponach é an t-áiléar glas, rud a roghnaíodh i ngeall ar a éadroime, marthanacht na substráite, a chumas uisce a choinneáil, agus a éasca atá sé é a shuiteáil. 

Cuireadh fánaí tírdhreachaithe in ionad na mballaí agus na ndromchlaí crua a bhí ann roimhe, áit a bhfuil cosáin éagsúla anois ar a bhféadfaidh daoine siúl nó suí, agus áit a bhféadfaidh leanaí súgradh. 

Rinneadh gach cuid den struchtúr roimh ré sa cheardlann, na colúin, na cearchaillí, na leaca, agus na ballaí san áireamh, agus cuireadh le chéile iad ar an láthair.

Critéir i leith an ardchaighdeáin (comhthéacs, tuiscint ar an áit, éagsúlacht, áilleacht)

  • Leagtar béim sa tionscadal seo ar eispéiris agus mothúcháin na ndaoine a bhaineann úsáid as an spás. Úsáidtear solas nádúrtha, duilliúr agus adhmad chun timpeallacht chompordach a chruthú, rud atá éagsúil ón atmaisféar fuarchúiseach a bhíonn le mothú in ionaid eile den sórt seo go minic. 
  • Agus an topagrafaíocht á cur san áireamh, tá leath den fhoirgneamh faoi thalamh, rud a nascann an dá shráid, a bhfuil airdí difriúla acu, le chéile. 
  • D'eagraigh an chomhairle cathrach trí thaispeántas tionscadail a bhí le faomhadh ag muintir na háite. Tugadh deis do bhaill an phobail na rudaí a bhí ag cur imní orthu, na rudaí a bhí uathu agus a n-éilimh a chur in iúl, agus bhí tionchar dearfach ag an ionchur sin ar an tionscadal. 
  • Agus úsáid á baint as critéir na hailtireachta éighníomhachta, tógadh foirgneamh fuinneamhéifeachtúil. Aisghabhfar an infheistíocht laistigh de chúpla bliain leis an airgead a shábhálfar ar chostais fuinnimh. Bronnadh cáilíocht phlatanaim LEED (‘Leadership in Energy and Environmental Design’) ar an trealamh. 
  •  Tagann an tionscadal le gealltanas Chomhairle Cathrach Barcelona do dhaoine a bhfuil éagsúlacht fheidhmiúil acu trí rochtain a chinntiú dóibh ar shaoráidí taobh istigh agus taobh amuigh. 

Rialachas agus bainistíocht

Ba iad foireann Institiúid Spóirt Barcelona a chuir an tionscadal i gcrích, agus baill foirne san áireamh ón roinn riaracháin, ón roinn dlí agus ón roinn um an spórt a chur chun cinn. Bhí ról ríthábhachtach ag an bhfoireann thiomanta ón Roinn um Tionscadail Saoráidí agus Bainistiú Oibreacha i gcur i bhfeidhm rathúil an tionscadail. 

Tar éis an tionscadal a leagan amach, sannadh an cur i bhfeidhm do chomhlacht Bhonneagair Bhardasacha Barcelona (BIMSA), comhlacht a bunaíodh go speisialta le haghaidh tionscadail tógála arna gcur chun cinn ag an rialtas. 

Is é an gnólacht príobháideach IGE BCN S.L atá i gceannas ar an tsaoráid trí chonradh lamháltais 4 bliana le Comhairle Cathrach Barcelona. Tá an gnólacht sin freagrach as an bhfearas a choinneáil, agus as imeachtaí spóirt a chur ar fáil do ghrúpaí éagsúla. 

Buiséad agus maoiniú

Costas €9,483,253 ar an bhfoirgneamh agus costas €322,289 ar an bpáirc, sin é buiséad measta an tionscadail. Is é Bardasacht Barcelona a chuir an maoiniú ar fad ar fáil. 

Chuir an Chomhairle Cathrach maoiniú ar fáil go sealadach le haghaidh na gcostas fuinnimh le linn na chéad bhliana den tionscadal (€110,000). 

Tá costas na chéad suiteála le híoc ag an lamháltóir (€60,000 sa chéad bhliain). 

Smaointí inaistrithe

  • Fís iomlán den tionscadal a chruthú. A bheith airdeallach ar na córais éagsúla a bhaineann leis ón tús ó thaobh caitheamh fuinnimh leictrigh agus fuinnimh teirmigh de. 
  • Agus an foirgneamh i gcéim an dréachtaithe, smaoineamh ar an obair a bheidh de dhíth chun é a chothabháil nuair a bheidh sé i bhfeidhm.  
  • Foireann cothabhála teicniúla a bheith oiliúnaithe sna teicneolaíochtaí nua atá in úsáid san fhoirgneamh, foireann a bheidh in ann na córais sin a thuiscint agus a bhainistiú. 

Sonraí teagmhála

Déan teagmháil le Institut Barcelona Esports trí ríomhphost.