Skip to main content

Culture and Creativity

Living Spaces

Cathracha agus réigiúin ag múnlú na timpeallachta tógtha do chách.
visual for the Living Spaces project

Ag múnlú na timpeallachta tógtha do chách

Is clár piarfhoghlama é Living Spaces atá deartha d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha chun foghlaim conas beartais agus tionscadail ailtireachta ar ardchaighdeán a phleanáil agus a chur i bhfeidhm.

Idir mí Iúil 2023 agus mí na Samhna 2024, éascóidh an clár malartuithe idir cathracha, réigiúin, agus Ballstáit de chuid an Aontais Eorpaigh, agus páirtithe leasmhara maidir le nósanna imeachta agus dea-chleachtais.

Tá an clár Living Spaces á chur chun feidhme ag Eurocities agus Comhairle Ailtirí na hEorpa, agus tá sé á mhaoiniú ag an gclár Eoraip na Cruthaitheachta de chuid an Aontais Eorpaigh.

Gníomhaíochtaí piarfhoghlama le haghaidh cathracha agus réigiún

Tá tionchar bunúsach ag an ailtireacht ar cháilíocht saoil na ndaoine. Sa lá atá inniu ann ní mór na foirgnimh atá i gcathracha agus réigiúin a bheith deartha go maith agus ní mór na timpeallachtaí a bheith cuimsitheach agus riachtanais gach duine a bheith curtha san áireamh leo. San am céanna, níor cheart do na dearaí sin dochar a dhéanamh don chomhshaol ná an iomarca acmhainní a úsáid. Tá an méid sin ríthábhachtach maidir le sásamh agus sláinte na sochaí comhaimseartha agus maidir le dea-bhail na nglúnta atá le teacht.

Mar a léireoidh gníomhaíochtaí Living Spaces, is féidir feabhas a chur ar chomhtháthú, ar tharraingteacht, agus ar inbhuanaitheacht ár gcathracha agus ár réigiún, trí thógáil agus pleanáil do chách.

Bainfear é seo amach trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:   

  • catalóg de 30 dea-chleachtas ó gach cearn den Aontas Eorpach lena gcuirfear béim ar thionchair agus ar inaistritheacht ó chomhthéacs áitiúil amháin go comhthéacsanna áitiúla eile
  • 12 chuairt piarfhoghlama ar an láthair i gcathracha agus réigiúin Eorpacha (AE 27) in 2024, ionas go mbeidh na rannpháirtithe in ann foghlaim óna chéile agus ó shaineolaithe

Déan teagmháil le Living Spaces agus lean é

Tagged in:  Eoraip na Cruthaitheachta