Skip to main content

Culture and Creativity

Rinn Sagres (an Phortaingéil)

Is tírdhreach saibhir cultúrtha agus stairiúil í Rinn Sagres atá suite ar cheann tíre in iardheisceart Leithinis na hIbéire. Tá iarsmaí seandálaíochta, struchtúir uirbeacha, agus séadchomharthaí tábhachtacha le fáil ann a léiríonn an suíomh straitéiseach a bhí i Rinn Sagres agus an tábhacht a bhain léi thar na céadta bliain.

Ba í Rinn Sagres ceanncheathrú Phrionsa Anraí an Loingseoir agus a chumhacht agus a thionchar á mhéadú thar muir aige le linn an chúigiú haois déag. B'áit lárnach Rinn Sagres do Ré na Fionnachtana, tréimhse inar scaip an cultúr Eorpach, an eolaíocht, an taiscéalaíocht agus an tráchtáil trasna an Atlantaigh agus na Meánmhara araon, rud a chuir an tsibhialtacht Eorpach ar chúrsa ar fud an domhain agus tá a lorg sin le sonrú ar an domhan nua-aimseartha.