Skip to main content

Culture and Creativity

Longchlós stairiúil Gdańskna Polainne

Is i Longchlós stairiúil Gdańsk a tháinig ann do ghluaiseacht na Dlúthpháirtíochta an chéad lá riamh. Téann bunús na gluaiseachta siar go dtí stailc na n‑oibrithe in 1970, rud a chuir na húdaráis shóisialacha faoi chois ar bhealach brúidiúil fuilteach.

Leathscór bliain ina dhiaidh sin, thug sraith nua stailceanna ar an rialtas géilleadh agus Comhaontuithe stairiúla Lúnasa a shíniú in 1980 in éineacht le Lech Wałęsa.

Síníodh na comhaontuithe in áitreabh an longchlóis agus leis sin, ceadaíodh an chéad cheardchumann neamhspleách i mBloc an Oirthir: NSZZ "Solidarność.

Ón bpointe sin ar aghaidh, chuir an Dlúthpháirtíocht an daonlathas agus saoirsí sibhialta chun cinn ar bhonn leanúnach sa Pholainn agus spreagadh gluaiseachtaí sóisialta den chineál céanna ar fud thíortha Oirthear na hEorpa sna 1980idí.

Faigh tuilleadh eolais faoi roghnú an tsuímh i dtuarascáil an phainéil.