Skip to main content

Culture and Creativity

Mainistir Cluny na Fraince

Bunaíodh an mhainistir in 910 AD, agus tháinig borradh agus forbairt uirthi mar lárionad spioradálta agus riaracháin cheann de na líonraí mainistreacha is mó i stair na hEorpa, a d’fhág go raibh sé níos éasca daoine, leabhair, smaointe ealaíonta agus eolas ar an eolaíocht a scaipeadh thar theorainneacha náisiúnta.

Dá thoradh sin, bhí tionchar nach beag ag an ord Clúiniach ar shaol na Críostaíochta in Iarthar na hEorpa sna Meánaoiseanna.

Is iomaí tionscnamh sa lá atá inniu ann a chuidíonn chun spiorad Clúiniach na hEorpa a choimeád beo, rudaí ar nós an fáilte a chuirtear roimh thaighdeoirí as gach cearn den Eoraip chuici agus an láthair a choimeád ar oscailt don phobal i gcoitinne.

Faigh tuilleadh eolais faoi roghnú an tsuímh i dtuarascáil an phainéil.