Skip to main content

Culture and Creativity

Ceantar Eorpach Strasbourg (Strasbourg, an Fhrainc)

Ó cruthaíodh an Ceantar Eorpach i Strasbourg tar éis an Dara Cogadh Domhanda, is ann atá Comhairle na hEorpa, an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine agus Parlaimint na hEorpa de chuid an Aontais Eorpaigh lonnaithe. Comhtháthú na hEorpa agus an chosaint a thugtar do chearta an duine, don daonlathas agus don smacht reachta, tá siad fite fuaite sa cheantar.