Skip to main content

Culture and Creativity

Lieu de Mémoire au Chambon‑sur‑Lignon (an Fhrainc)

Is limistéar cuimhneacháin é Chambon‑sur‑Lignon a osclaíodh in 2013 agus ina gcuirtear i láthair na hoibríochtaí tarrthála a rinne muintir na háite le linn an Dara Cogadh Domhanda. Ó mhí na Nollag 1940 go mí Mheán Fómhair 1944 chuir muintir Le Chambon‑sur‑Lignon agus muintir shráidbhailte an ardchláir máguaird dídean ar fáil do thart ar 3000 duine de bhunús Giúdach (agus go leor leanaí ina measc), chomh maith le poblachtaigh na Spáinne, Gearmánaigh a bhí i gcoinne na Naitsithe, baill de ghluaiseacht frithbheartaíochta na Fraince agus daoine eile.

Tá conair léirmhíniúcháin/staire maidir le gníomhaíochtaí frithbheartaíochta éagsúla in aghaidh na Naitsithe le linn an Dara Cogadh Domhanda mar chuid den láithreán. Ar an láithreán tá spás cuimhneacháin le fianaise ó iardhídeanaithe agus na Fíréin (daoine nár Ghiúdaigh iad a chuir a saol i mbaol chun cabhrú le Giúdaigh i rith an Uileloiscthe), seomraí i gcomhair taispeántas agus gníomhaíochtaí oideachais; agus gairdín cuimhneacháin a dhear an t‑ealaíontóir tírdhreacha Louis Benech. Tugadh aitheantas don ról iontach a bhí ag muintir Chambon nuair a bhronn Institiúid Yad Vashem (Iarúsailéim) dioplóma oinigh orthu in 1990.

Sna 1930idí bhog grúpa cléire Protastúnaí agus daoine a raibh baint acu le líonraí síochána san Eoraip agus líonra idirnáisiúnta ó lasmuigh den Fhrainc go Chambon‑sur‑Lignon. In éineacht leis na dearcthaí a bhí ag an méara a bhí ann ag an am agus ag lucht cléire eile seasamh a ghlacadh in aghaidh réimeas na Naitsithe agus Vichy, chuidigh sé sin chun Chambon‑sur‑Lignon agus na sráidbhailte máguaird a mhúnlú mar áit ghníomhach frithbheartaíochta agus mar thearmann do na daoine a raibh na réimis sin ag iarraidh iad a dhíothú. Tá gnéithe tábhachtacha inbhraite agus dobhraite ag baint leis an láithreán seo dá bharr sin.