Skip to main content

Culture and Creativity

Tá sé d’aidhm ag an ngníomhaíocht dar tedieal Ábhar cultúrtha a fhotheidealú rochtain ar ábhar closamhairc a chinntiú do shaoránaigh uile an Aontais agus ar an gcaoi sin, cúrsaíocht na gclár cultúrtha Eorpach a mhéadú ar fud na hEorpa. Tacóidh an ghníomhaíocht sin le fotheidil a sholáthar lena gclúdófar ábhar i 3 theanga ar a laghad ar ábhar cultúrtha Eorpach éagsúil. Beidh sé d’aidhm aige freisin a ráthú go scaipfear an t-ábhar fotheidealaithe ar líne.

Tabharfar tacaíocht d’fhéilte Eorpacha a dhéanann sciar suntasach de shaothair chlosamhairc Eorpacha neamhnáisiúnta a chlársceidealú, lena ndírítear ar ghníomhaíochtaí a mhairfidh ar feadh bliana agus atá dírithe ar lucht féachana agus éisteachta a leathnú agus a athnuachan, sin agus ar ghníomhaíochtaí nuálacha for-rochtana lucht féachana agus éisteachta a chur chun feidhme chomh maith le tionscnaimh do lucht féachana óg.

Leis an ngníomhaíocht maidir le comhfhorbairt Eorpach, tacófar leis an gcomhar i measc cuideachtaí léiriúcháin Eorpacha i dtaca le tionscadal aonair a fhorbairt le haghaidh saothrú tráchtála atá beartaithe le scaoileadh sa phictiúrlann, craoltóireacht teilifíse nó saothrú tráchtála ar ardáin dhigiteacha nó timpeallacht ilardán sna catagóirí seo a leanas: beochan, clár faisnéise cruthaitheach nó ficsean.

Tabharfar tacaíocht d’fhorbairt saothar agus fréamhshamhlacha na scéalaíochta insinte idirghníomhaí le hábhar úrnua agus/nó imirt cluichí ardcháilíochta atá ceaptha lena dtáirgeadh agus le saothrú tráchtála domhanda trí ríomhairí pearsanta, consóil, gléasanna móibíleacha, táibléid, fóin chliste agus teicneolaíochtaí eile.

Leis an ngníomhaíocht Scannáin ag ul ó áit go háit, spreagfar agus tacófar le dáileadh níos leithne scannán Eorpach neamhnáisiúnta a rinneadh le déanaí trí ghníomhairí díolacháin agus dáileoirí amharclainne a spreagadh go háirithe chun infheistíocht a dhéanamh i gcur chun cinn agus i ndáileadh leordhóthanach scannán Eorpach neamhnáisiúnta.


Is iad na gníomhaíochtaí atá le maoiniú feachtais chun scannáin incháilithe Eorpacha a dháileadh ar amharclanna agus/nó ar líne, arna gcomhordú ag gníomhaire díolacháin an scannáin.

Leis an tacaíocht maidir le Díolachán Scannán Eorpach, spreagfar agus tacófar le dáileadh trasnáisiúnta níos leithne na scannán Eorpach a rinneadh le déanaí trí chistí a chur ar fáil do ghníomhairí díolacháin Eorpacha, bunaithe ar a bhfeidhmíocht sa mhargadh, chun tuilleadh ath-infheistíochta a dhéanamh i bhfáil, i gcur chun cinn agus i ndáileadh (ar líne san áireamh) scannán Eorpach neamhnáisiúnta a rinneadh le déanaí.

Tá dhá chéim ann le haghaidh na ngníomhaíochtaí maoinithe:

Is é is cuspóir don tacaíocht Cistiú iltionscadal Eorpach iomaíochas na gcuideachtaí léiriúcháin neamhspleácha Eorpacha a chothú agus a n-ualach eacnamaíoch sa mhargadh a mhéadú. Is é an aidhm atá leis freisin acmhainneacht léiritheoirí closamhairc a mhéadú chun tionscadail a fhorbairt a d’fhéadfadh a chur i gcúrsaíocht ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin, agus chun comhléiriúchán Eorpach agus idirnáisiúnta a éascú.

Is é an cuspóir atá ann tacú le tionscnaimh a chuireann chun cinn forbairt agus rannpháirtíocht lucht féachana, lena n-áirítear gníomhaíochtaí oideachais scannán, a thugann aghaidh go háirithe ar lucht féachana óg.


Tionscadail a chinntíonn comhar uile-Eorpach agus lena gcuirtear tionscadail nuálacha ar fáil, go háirithe trí úsáid a bhaint as uirlisí digiteacha nua arb é is aidhm dóibh:

Is é is cuspóir don ghníomhaíocht maidir le huirlisí agus samhlacha gnó nuálacha iomaíochas, inscálaitheacht agus inbhuanaitheacht ghníomhaithe na hEorpa a neartú, chomh maith le hinfheictheacht agus infhaighteacht na saothar Eorpach a fheabhsú agus lucht féachana a mhéadú sa timpeallacht dhigiteach.

Is é is cuspóir don tacaíocht a thugtar d’ábhar teilifíse agus d’ábhar ar líne cur le cumas léiritheoirí closamhairc chun tionscadail láidre a fhorbairt agus a tháirgeadh a bhfuil acmhainneacht shuntasach ann a chur i gcúrsaíocht ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin, agus comhléiriúcháin Eorpacha agus idirnáisiúnta a éascú laistigh den earnáil teilifíse agus ar líne.

Subscribe to Eoraip na Cruthaitheachta