Skip to main content

Culture and Creativity

Grand Paris Sud: athnuachan cathrach shainoiriúnaithe

Pleanáil uirbeach dhinimiciúil bunaithe ar an iompraíocht.

Tír:
Type of project :
Size of city/region:
Person walking through a park

Príomhfhíorais

Stiúideonna ailtireachta:  ATELIER ET-SI, Atelier de l’Ours, Bellastock, Constructo skateparkarchitecture, Elodie CAVEL & Isabelle JEGO, Monono, PALM (Peint à la Main), Studio KATRA, Stany Boulifard (4PK), Quatorze, YA+K

Príomhurraitheoir: Cathair Evry-Courcouronnes agus ceirtleán Grand Paris Sud

An bhliain a cuireadh an tionscadal i gcrích: ar lean

Achar iomlán: thart ar 25ha

Cathair/cúlra réigiúnach

Is ceirtleán uirbeach é Grand Paris Sud Seine-Essonne-Senart (Grand Paris Sud) atá suite sa chuid theas den réigiún Île-de-France, 30 km ó dheas ó Pháras. Tá 23 bhardas ann, Évry-Courcouronnes (a bhfuil daonra 67,000 aige) ina measc. Tá Evry ar cheann de na cúig bhaile nua timpeall Pháras, bailte a rinneadh uirbiú tapa orthu tar éis 1970. In 2019, cumascadh Evry agus an baile beag in aice leis, Courcouronnes, in aon bhardas amháin. Cé gur lárionad eacnamaíoch mór é ina bhfuil 143,000 post, tá easnamh foriomlán ar Evry-Courcouronnes ó thaobh íomhá de, rud a dhéanann dochar dá tharraingteacht eacnamaíoch. Léiríonn suirbhéanna áitiúla go bhfuil nasc idir an easpa díograise agus an easpa caidreamhachta agus an chaoi nach bhfuil lár cathrach ceart ann.

Chun an dúshlán sin a fhreagairt, tá straitéis chuimsitheach á forbairt ag an gcathair, agus ag Grand Paris Sud, ó 2019 i leith chun caidreamhacht lár chathair Évry-Courcouronnes a neartú agus chun eispéireas na n-úsáideoirí agus íomhá eacnamaíoch na háite a athrú ó bhonn. Leis an gcomhpháirtíocht sin, in éineacht le muintir na háite, mic léinn, agus fostaithe poiblí agus príobháideacha sa cheantar, rinneadh diagnóis shóisialta agus uirbeach agus leagadh amach máistirphlean dá toradh sin in 2021.

An réiteach

Ós rud é nach mbeidh an t-athchóiriú ar na mórshaoráidí cultúrtha (halla, cúirt bia, leabharlann meán agus pictiúrlann) críochnaithe go dtí 2028 ar aghaidh, chinn an chathair agus an ceirtleán oibriú go réamhghníomhach ar an gcuid eile de lár na cathrach, trí mhodhanna beartacha pleanála baile a thástáil.

Is bealach í an phleanáil uirbeach shealadach, rud a dhéantar roimh athnuachan agus oibreacha tógála tábhachtacha, chun saol uirbeach a athchruthú trí thástáil a dhéanamh de réir a chéile féachaint cad is féidir a dhéanamh de lár cathrach amach anseo. Is éard atá i gceist leis an gcur chuige sin atá dírithe ar iompraíocht, breathnú ar riachtanais agus ar ionchais na n-úsáideoirí chun saoráidí éadroma uirbeacha nua a shamhlú a bheidh curtha in oiriúint don chomhthéacs agus d’úsáidí iarbhír. Is féidir iad sin a aistriú, a choigeartú nó a bhuanú má fhaigheann siad bailíochtú ón bpobal. Is féidir fáil réidh leo freisin má léirítear nach bhfreastalaíonn siad ar na dúshláin.

Rinneadh 10 spás phoiblí in Evry-Courcouronnes a athbheochan le linn 4 bliana, agus gnéithe nua iontu amhail spásanna oscailte inar féidir le mic léinn teacht le chéile, troscán sráide, athfhásrú, pictiúir urláir, áiseanna spóirt agus fóillíochta, spás taispeántais oscailte, agus limistéar chun ‘Art Du Deplacement’ (atá cosúil le Parkour) a chleachtadh.

Fuarthas aiseolas dearfach maidir leis na hathruithe sin ó mhuintir na háite, fostaithe, mic léinn agus eagraíochtaí a raibh baint acu leis an gcomhoibriú. Ní hamháin gur tháinig méadú ar an líon daoine a úsáideann an spás poiblí de thoradh na pleanála beartaí, ach tá feabhas tagtha ar an gcaidreamh idir na daoine agus na hinstitiúidí chomh maith.

Critéir i leith an ardchaighdeáin (comhthéacs, ómós áite, éagsúlacht, áilleacht)

  • Déantar an claochlú uirbeach sealadach le pleanáil shaor thapa, bunaithe ar spásanna poiblí atá ann cheana agus trí úsáid a bhaint as saoráidí éadroma. Baineann gach idirghabháil go sonrach leis an gcomhthéacs.
  • Rinneadh an iomad comhairliúchán le muintir na háite, úsáideoirí, úinéirí siopa agus seirbhísí bainistíochta, agus fuarthas léargas ar an gcaoi sin ar shrianta gach spáis agus chuidigh an méid sin chun na réitigh oiriúnaithe is fearr a dhearadh leith suímh, úsáidí, thíopeolaíocht na hidirghabhála, éagsúlacht plandaí, etc.
  • Agus an phleanáil uirbeach shealadach á déanamh, cuirtear dearcadh úsáideoirí éagsúla an cheantair san áireamh (gnólachtaí, fostaithe, mic léinn, muintir na háite). Tugann sí tuiscint oibríochtúil ar na mianta, na hionchais agus na deacrachtaí atá acu. Leis an bpleanáil sin is féidir tástáil a dhéanamh as a dtiocfaidh freagraí tapa ar shaincheisteanna áitiúla nó úsáidí nua as spás poiblí
  • Leis an modheolaíocht sin, is féidir an chathair a thógáil mar shraith turgnamh. Agus na braistintí atá ag grúpaí éagsúla (muintir na háite, gnólachtaí, mic léinn nó oibrithe) á gcur san áireamh, athraítear an phleanáil cathrach ó shamhail ón mbarr anuas go cur chuige atá bunaithe ar eispéiris agus ar mhothúcháin.

Pleanáil agus bainistíocht

Tá an tionscnamh á bhainistiú ag Grand Paris Sud (ball foirne páirtaimseartha amháin), agus ag cathair Évry-Courcouronnes (triúr ball foirne páirtaimseartha).

I measc na gcomhpháirtithe tá: Scoil innealtóireachta ENSIIE, an rannóg ealaíne agus dearaidh ag meánscoil Georges Brassens, Architectural, Gníomhaireacht Pleanála Uirbí agus Comhairle Comhshaoil Essonne (CAUE91), Art Du Deplacement Academy Evry, ionad foghlama ealaíne Grand Paris Sud, Etoile Fab Lab, plandlann áitiúil Pariciflore, ealaíontóirí áitiúla ó ‘La cité des Artistes’, la Fabrik.

Buiséad agus maoiniú

Buiséad iomlán: €425,000

Grand Paris Sud: Chuir Grand Paris Sud maoiniú €200,000 ar fáil (€100,000 ó réigiún Île-de-France san áireamh), agus chuir Evry-Courcouronnes maoiniú €225,000 ar fáil (€180,000 ó Mhaoracht Essonne san áireamh).

Smaointí inaistrithe

Trí leid ón gcathair/réigiún

  • Úsáid a bhaint as an uirbeachas beartach, ní hamháin mar shuiteáil shealadach, ach mar bhealach chun tástálacha éadroma saora tapa a dhéanamh, chun máistirphlean cothrom a dhearadh.
  • Is féidir claochluithe a dhéanamh go réidh ach úsáid a bhaint as an timpeallacht atá ann cheana.
  • Tras-idirghníomhaíochtaí a thógáil (le muintir na háite, le páirtithe gníomhacha agus laistigh de d’eagraíocht) ní hamháin le linn an tionscadail, ach roimhe agus nuair a bheidh sé críochnaithe freisin.

Sonraí teagmhála

Déan teagmháil le Grand Paris Sud trí ríomhphost.