Oidhreacht chultúrtha na hEorpa, is meascán saibhir ilchineálach í de shaothair chultúrtha chruthaitheacha, oidhreacht a d'fhág ár sinsir Eorpacha againn le tabhairt ar aghaidh do na glúnta atá le teacht. Áirítear mar chuid den oidhreacht sin láithreacha nádúrtha, láithreacha a tógadh agus láithreacha seandálaíochta, iarsmalanna, séadchomharthaí, saothair ealaíne, cathracha stairiúla agus saothair liteartha, cheoil agus chlosamhairc, mar aon le heolas, cleachtais agus traidisiúin shaoránaigh na hEorpa.
Cé gur cúram na mBallstát agus na n-údarás réigiúnach agus áitiúil den chuid is mó é beartas a cheapadh sa réimse seo, tá an tAontas Eorpach tiomanta oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chosaint agus a threisiú trí bheartais agus cláir éagsúla.
Faigh eolas mionsonraithe maidir leis na beartais agus na cláir sin faoi na rannáin seo a leanas:

Beartas an Aontais maidir leis an oidhreacht chultúrtha
Tá an tAontas Eorpach tiomanta oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chosaint agus a threisiú.
Faigh tuilleadh eolais
Deiseanna maoiniúcháin le haghaidh na hoidhreachta cultúrtha
Tá roinnt cláir mhaoiniúcháin de chuid an Aontais ann lena dtacaítear leis an oidhreacht chultúrtha tríd an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil.
Faigh tuilleadh eolais
Oidhreacht chultúrtha i mbeartais eile de chuid an Aontais
Leis an gCreat Eorpach um Ghníomhaíocht maidir le hOidhreacht Chultúrtha, moltar gur cheart aghaidh a thabhairt ar an oidhreacht chultúrtha tríd an iliomad beartas eile de chuid an Aontais, agus ní trí na beartais chultúir amháin.
Faigh tuilleadh eolais
Na príomhghníomhaithe maidir leis an oidhreacht chultúrtha
Tá gné shoiléir Eorpach ag an oidhreacht chultúrtha lena n-éilítear gníomhaíocht chomhpháirteach ar leibhéal na hEorpa.
Faigh tuilleadh eolais
Gradaim Oidhreachta na hEorpa
Le Gradaim Oidhreachta na hEorpa, cuirtear i dtábhacht tionscadail, tionscnaimh agus pearsantachtaí eiseamláireacha i réimse na hoidhreachta cultúrtha.
Faigh tuilleadh eolais
Laethanta Oidhreachta na hEorpa
Laethanta Oidhreachta na hEorpa, is imeachtaí iad sin atá i measc na n-imeachtaí rannpháirtíochta cultúrtha is mó a cheiliúrtar san Eoraip.
Faigh tuilleadh eolais