Leis na duaiseanna sin tugtar aitheantas don mhéid atá bainte amach i réimse na hoidhreachta cultúrtha ar fud na hEorpa i gcúig phríomhchatagóir:
- Caomhnú agus Athúsáid Oiriúnaitheach
- Taighde
- Oideachas, Oiliúint agus an Óige
- Rannpháirtíocht agus múscailt feasachta na saoránach
- Ceannródaithe Oidhreachta
Gach bliain faigheann suas le 30 éacht oidhreachta Gradaim Oidhreachta na hEorpa/Gradam Europa Nostra.
Grand Prix
I measc bhuaiteoirí na ngradam, bronntar suas le cúig chinn ar na tionscadail is suntasaí, agus duais airgid €10,000 ag gabháil le gach ceann acu.
Gradam Rogha an Phobail
Ina theannta sin, tugtar cuireadh do gach duine vóta a chaitheamh ar líne don tionscadal nó don tionscnamh is fearr leo i measc na mbuaiteoirí. Faigheann buaiteoir Ghradam Rogha an Phobail €10,000 freisin.
Europa Nostra, comhpháirtí eagrúcháin na nGradam
Tá na gradaim á mbainistiú ag Europa Nostra thar ceann an Aontais Eorpaigh ó bhí 2002 ann. Is é guth na sochaí sibhialta san Eoraip é atá tiomanta an oidhreacht chultúrtha agus nádúrtha a chosaint agus a chur chun cinn.
Cuspóir na duaise
Tá sé d’aidhm ag na gradaim dea-chleachtais a aithint agus a chur chun cinn maidir le caomhnú na hoidhreachta cultúrtha. Aithnítear leo freisin forbairtí nuálacha agus eolas nua i gcúram agus i gcur chun cinn na hoidhreachta cultúrtha inláimhsithe agus doláimhsithe. I ndáil leis an méid sin, ní hamháin go léiríonn duais an Aontais go hiomlán cuspóirí Bhliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha 2018, ach cuireann sé sin chun cinn chomh maith.
Leis na gradaim, beifear in ann taithí agus eolas a mhalartú agus a aistriú thar theorainneacha agus thar phobail san Eoraip agus níos faide i gcéin. Cabhraíonn siad chun luach na hoidhreachta cultúrtha a léiriú do chultúr, geilleagar, sochaí agus comhshaol na hEorpa.