Skip to main content

Culture and Creativity

Laethanta Eorpacha na hOidhreachta

Eagraíonn an tAontas Eorpach Laethanta Eorpacha na hOidhreachta i gcomhar le Comhairle na hEorpa, a sheol an ghníomhaíocht in 1985. Tá sé i measc na n-imeachtaí cultúrtha rannpháirteacha is mó ceiliúradh san Eoraip.

I rith Laethanta Eorpacha na hOidhreachta, osclaíonn na mílte séadchomharthaí agus suíomhanna a ndoirse, roinnt díobh a bhíonn dúnta don phobal de ghnáth an chuid eile den bhliain. Cuireann sin ar a gcumas do dhaoine cuairteanna saor in aisce a thabhairt orthu, foghlaim faoina n-oidhreacht chultúrtha chomhroinnte agus cabhrú le hoidhreacht na hEorpa a chosaint don ghlúin reatha agus do na glúnta atá romhainn.

Soláthraíonn Laethanta Eorpacha na hOidhreachta rochtain ar na mílte suíomhanna nach n-osclaítear go minic agus imeachtaí uathúla do níos mó ná 20 milliún duine gach bliain.

Cuspóir Laethanta Eorpacha na hOidhreachta

Trí na himeachtaí, déanann na heagraithe

  • feasacht a chothú ar shaibhreas agus ar éagsúlacht chultúrtha na hEorpa
  • suim a spreagadh in oidhreacht chultúrtha na hEorpa
  • ciníochas agus seineafóibe a chomhrac agus caoinfhulaingt níos mó ar chultúir eile a spreagadh ar fud na hEorpa
  • an pobal agus rialtais (nó lucht ceaptha beartas) a chur ar an eolas faoin ngá leis an oidhreacht chultúrtha a chosaint
  • cuireadh a thabhairt don Eoraip freagairt do dhúshláin shóisialta, pholaitiúla agus gheilleagracha na hearnála cultúir

50 tír páirteach ann

Tarlaíonn Laethanta Eorpacha na hOidhreachta sa 50 tír is sínitheoir leis an gCoinbhinsiún Cultúrtha Eorpach gach Meán Fómhair agus eagraítear i ndlúthchomhar le comhordaitheoirí náisiúnta iad.

I ngach tír, tá líonra d’údaráis réigiúnacha agus áitiúla, grúpaí sibhialta agus príobháideacha agus na mílte oibrithe deonacha i gceannas ar imeachtaí a eagrú.

Bíonn téama coiteann speisialta uile-Eorpach ann gach bliain. Is féidir le tíortha a bheith páirteach sa téama coiteann bliantúil. Thairis sin, féadfaidh siad imeachtaí a eagrú ata bunaithe ar leagan áitiúil den téama coiteann nó ar a dtéama féin.

Tá tuilleadh eolais le fáil ar shuíomh gréasáin Laethanta Eorpacha na hOidhreachta.