Skip to main content

Culture and Creativity

Príomhpháirtithe i dtaca leis an oidhreacht chultúrtha: institiúidí an Aontais

Tá cur chuige comhtháite agus rannpháirteach i leith na hoidhreachta cultúrtha i gcroílár an Chreata Gníomhaíochta Eorpaigh maidir leis an Oidhreacht Chultúrtha. Tá sin fíor-riachtanach chun an oidhreacht chultúrtha a chur chun cinn ar fud bheartais an Aontais. Tacaíonn Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh, Coiste na Réigiún agus Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa leis an gcur chuige sin. Bhí na hinstitiúidí sin uile de chuid an Aontais páirteach freisin i mBliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha 2018, agus chabhraigh siad le bliain rathúil a dhéanamh di.

Aithníonn institiúidí an Aontais ról na hoidhreachta cultúrtha mar mhórshócmhainn don Eoraip. Aithníonn siad an chaoi a gcuireann sí le cáilíocht saoil daoine agus an chaoi a n-éascaíonn sí cuimsiú sóisialta, sin agus an tionchar eacnamaíoch a ghabhann léi.
Tarraingíonn institiúidí an Aontais aird freisin ar na dúshláin atá roimh an oidhreacht chultúrtha, agus go dteastaíonn comhar idir institiúidí an Aontais, na Ballstáit agus páirtithe leasmhara chun iad a shárú.

Parlaimint na hEorpa

Tharraing Parlaimint na hEorpa aird ar an ngá ata le cur chuige comhtháite don oidhreacht chultúrtha ina Rún an 8 Meán Fómhair 2015. Aithnítear sa doiciméad go bhfuil sé ríthábhachtach idirphlé cultúrtha agus comhthuiscint a bhaint amach, sin agus comhtháthú sóisialta, eacnamaíoch agus críochach a fheabhsú.

Tionscadail Phíolótacha Pharlaimint na hEorpa

Is tionscnaimh thurgnamhacha iad tionscadail phíolótacha chun tástáil a dhéanamh ar indéantacht gníomhaíochtaí sonracha. Cuireadh roinnt díobh i bhfeidhm i réimse an chultúir agus na hoidhreachta cultúrtha.

An Tionscadal maidir le Téarnamh Cultúrtha Digiteach na nGiúdach – JDCRP

Is é is aidhm don tionscadal seo bunachar sonraí cuimsitheach a fhorbairt d’inneachar ábhartha sócmhainní cultúrtha a bhí faoi úinéireacht Giúdach agus a ransaigh na Naitsithe. Dírítear sa tionscadal ar chinniúint Bhailiúchán Schloss.

Is cuid thábhachtach den tionscadal é dea-chleachtais a bhailiú agus gníomhaíochtaí a chothaíonn feasacht a mholadh. A bhuí leis an mbunachar sonraí beidh léargas uile-Aontais ar na saothair ealaíne a creachadh, éascóidh sé taighde agus cuideoidh sé le hoidhreacht chultúrtha na hEorpa a chosaint. Go dtí seo tá timpeall 5,000 doiciméad bailithe ag músaeim agus ag institiúidí éagsúla san Eoraip agus i SAM.

Tuilleadh eolais faoin tionscadal píolótach 'Téarnamh Cultúrtha Digiteach na nGiúdach'.

Reiligí Giúdacha na hEorpa a Chosaint

Is é is aidhm don tionscadal seo léarscáiliú a dhéanamh ar os cionn 3,000 reilig i dtíortha na hEorpa chun dea-chleachtais sa chaomhnú a shainaithint agus múnla a mholadh dá gcosaint rathúil. Chuir an ghníomhaíocht le Bliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha 2018 trí fheasacht a chothú ar oidhreacht agus ar éagsúlacht chultúrtha na hEorpa.

Tuilleadh eolais faoin tionscadal.

Comhairle an Aontais Eorpaigh

Glacann an Chomhairle le bearta agus moltaí dreasachta, mar go dtagann beartais chultúrtha faoi inniúlacht na mBallstát. An oidhreacht chultúrtha a chaomhnú agus a fheabhsú, tá sin i measc phríomhchuspóirí na Comhairle i réimse an chultúir, mar a léiríodh ina conclúidí le déanaí:

Coiste na Réigiún

Dréachtaíonn Coiste Eorpach na Réigiún tuairimí maidir le tograí reachtacha an Aontais agus cuireann sé chun cinn idirphlé agus comhar trasteorann le húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla. Leagann an Coiste béim ar ról bunúsach na n-údarás áitiúil agus réigiúnach i mbainistíocht, cur chun cinn, cosaint agus coimirciú oidhreacht na hEorpa.

Léigh tuairim Choiste na Réigiún (CoR) – I dtreo cur chuige comhtháite i leith na hoidhreachta cultúrtha don Eoraip.

Cuirtear i dtábhacht sa doiciméad seo an tábhacht a bhaineann le rialachas maidir leis an oidhreacht chultúrtha a chur chun cinn agus tacú léi, agus sainaithnítear ról na hoidhreachta cultúrtha le haghaidh chéannacht na hEorpa agus le haghaidh na forbartha eacnamaíche.

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Eisíonn Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa tuairimí agus tuarascálacha eolais agus eagraíonn siad tionscnaimh agus imeachtaí dírithe ar rannpháirtíocht na sochaí sibhialta agus na saoránach. Tá roinnt díobh sin tiomanta go sonrach don oidhreacht chultúrtha.

Léigh tuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an méid a rannchuidíonn ceantair thuaithe na hEorpa le Bliain na hOidhreachta Cultúrtha 2018 ag áirithiú na hinbhuanaitheachta agus an chomhtháthaithe uirbigh/tuaithe.

Spreagann an tuairim sin páirtithe leasmhara chun sainmhíniú leathan an chultúir a ghlacadh le go mbeidh gach saoránach san áireamh. Iarrtar ar institiúidí freisin aitheantas foirmiúil a thabhairt don oidhreacht chultúrtha as a luach sainiúil ealaíonta agus an chaoi a gcuireann sí go heacnamaíoch agus go sóisialta le folláine shaoránaigh na hEorpa.

Gníomhaíocht Sheachtrach an Aontais Eorpaigh

Tá ról lárnach ag an gcultúr agus ag an oidhreacht chultúrtha i gcaidreamh idirnáisiúnta an Aontais. Spreagtar comhar cultúrtha idir an tAontas agus a thíortha comhpháirtíochta, bunaithe ar phrionsabal an teacht le chéile i dTeachtaireacht Chomhpháirteach ón gCoimisiún 2016.

Léigh an Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle I dtreo straitéis an Aontais Eorpaigh i leith caidreamh cultúrtha idirnáisiúnta” (2016)

Tuilleadh eolais faoin gcaidreamh cultúrtha idirnáisiúnta.