Is é príomhaidhm an ghlao seo go gcuideoidh cur chuige comhpháirteach idir an ghné dhigiteach agus na healaíona chun athruithe a spreagadh inár ndearcthaí, ar leibhéal an ghnó, na sochaí agus an duine aonair maidir le bainistiú uisce agus go gcuideoidh sé le cumarsáid a dhéanamh ar bhealach éagsúil faoi uisce chun feasacht an phobail a ardú maidir le tábhacht an uisce, mar shampla trí úsáid a bhaint as na healaíona agus an ghné dhigiteach chun naisc mhothúchánacha idir daoine agus uisce a threisiú. |
Iarracht chomhordaithe is iad Misin an Aontais ón gCoimisiún chun na hacmhainní is gá a chomhthiomsú i dtéarmaí chláir cistiúcháin, beartas agus rialachán, chomh maith le gníomhaíochtaí eile. Díríonn siad freisin ar ghníomhaithe poiblí agus príobháideacha a shlógadh agus a ghníomhachtú, amhail Ballstáit an Aontais, údaráis réigiúnacha agus áitiúla, institiúidí taighde, feirmeoirí agus bainisteoirí talún, fiontraithe agus infheisteoirí chun tionchar ceart agus marthanach a chruthú. |
Mar chuid den chlár Fís Eorpach, tá sé d’aidhm ag clár Éiceachórais Nuálaíochta na hEorpa (EIE) éiceachórais nuálaíochta atá níos nasctha, níos cuimsithí agus níos éifeachtúla a chruthú agus tacú le huas-scálú cuideachtaí, mar a leagtar amach sa Chlár Oibre Eorpach Nua um Nuálaíocht. |
Is í an fhís uileghabhálach atá taobh thiar de na hinfheistíochtaí atá beartaithe faoi Bhraisle 4 an fhís den Eoraip agus teicneolaíochtaí iomaíocha iontaofa á múnlú aici le haghaidh tionscal Eorpach a mbeidh ceannaireacht dhomhanda aige i bpríomhréimsí, lena gcumasófar táirgeadh agus tomhaltas chun teorainneacha ár bpláinéid a urramú, agus lena n-uasmhéadófar na tairbhí do gach cuid den tsochaí i gcomhthéacsanna éagsúla sóisialta, eacnamaíocha agus críochacha san Eoraip. |
Is é cuspóir an réamhbhirt seo dar teideal ‘An Eoraip i mBun Pinn’ cabhrú le tionscal closamhairc na hEorpa barr feabhais a fhorbairt i gcruthú agus i scríobh ábhar drámaíochta ar ardchaighdeán agus scéalaíocht nuálach a chothú. Tá sé mar aidhm aige cleachtais chomhscríbhneoireachta a chur chun cinn, rud a mhéadóidh taithí na ndaoine cruthaitheacha atá ag obair ar shraitheanna ficsin. |
Tá ionadaíocht agus infheictheacht grúpaí leochaileacha sna meáin, cuir i gcás imircigh agus dídeanaithe go fóill imeallach ar na meáin shóisialta phríomhshrutha ar fud na hEorpa agus aird ar leith á tabhairt ar staid na hÚcráine. Is é an cuspóir atá ann i gcónaí bealaí a shainaithint chun meáin shóisialta chuimsitheacha a chur chun cinn san Eoraip, agus cabhrú leis na grúpaí sin a n-insintí féin a chruthú faoi áit agus ról na ndídeanaithe agus na n-imirceach i sochaithe agus i bpobail na hEorpa. |
Is é cuspóir na tacaíochta faoin scéim Eorpach um mionfhorbairt iomaíochas cuideachtaí léiriúcháin neamhspleácha Eorpacha a chothú i dtíortha ina bhfuil acmhainneacht íseal closamhairc (grúpa LCC A agus grúpa LCC B) agus a n-ualach eacnamaíoch ar an margadh a mhéadú.
|
Tá sé d’aidhm ag an ngníomhaíocht dar tedieal Ábhar cultúrtha a fhotheidealú rochtain ar ábhar closamhairc a chinntiú do shaoránaigh uile an Aontais agus ar an gcaoi sin, cúrsaíocht na gclár cultúrtha Eorpach a mhéadú ar fud na hEorpa. Tacóidh an ghníomhaíocht sin le fotheidil a sholáthar lena gclúdófar ábhar i 3 theanga ar a laghad ar ábhar cultúrtha Eorpach éagsúil. Beidh sé d’aidhm aige freisin a ráthú go scaipfear an t-ábhar fotheidealaithe ar líne. |
Tabharfar tacaíocht d’fhéilte Eorpacha a dhéanann sciar suntasach de shaothair chlosamhairc Eorpacha neamhnáisiúnta a chlársceidealú, lena ndírítear ar ghníomhaíochtaí a mhairfidh ar feadh bliana agus atá dírithe ar lucht féachana agus éisteachta a leathnú agus a athnuachan, sin agus ar ghníomhaíochtaí nuálacha for-rochtana lucht féachana agus éisteachta a chur chun feidhme chomh maith le tionscnaimh do lucht féachana óg. |
Leis an ngníomhaíocht maidir le comhfhorbairt Eorpach, tacófar leis an gcomhar i measc cuideachtaí léiriúcháin Eorpacha i dtaca le tionscadal aonair a fhorbairt le haghaidh saothrú tráchtála atá beartaithe le scaoileadh sa phictiúrlann, craoltóireacht teilifíse nó saothrú tráchtála ar ardáin dhigiteacha nó timpeallacht ilardán sna catagóirí seo a leanas: beochan, clár faisnéise cruthaitheach nó ficsean. |