Le snáithe Cultúir an chláir Eoraip na Cruthaitheachta tacaítear le réimse leathan earnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha, mar shampla
- ailtireacht
- oidhreacht chultúrtha
- dearadh
- litríocht agus foilsitheoireacht
- ceol
- na taibhealaíona
Le snáithe an Chultúir spreagtar comhar agus malartuithe idir eagraíochtaí cultúrtha agus ealaíontóirí san Eoraip agus níos faide i gcéin. Tá sé mar aidhm ag Eoraip na Cruthaitheachta na rudaí seo a leanas a dhéanamh:
- cruthaitheacht ealaíonta agus nuálaíocht a chothú
- tacú le cur chun cinn agus dáileadh ábhar Eorpach ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin
- cuidiú le healaíontóirí teacht ar dheiseanna cruthaitheachta agus léirithe go hidirnáisiúnta,
- aistriú digiteach agus comhshaoil Earnálacha Cultúir agus Cruthaitheachta na hEorpa a spreagadh
Deiseanna maoiniúcháin faoin snáithe CULTÚR
Tionscadail chomhair Eorpacha
Faigh tuilleadh eolais faoi na tionscadail chomhair
Ardáin Eorpacha
Faigh tuilleadh eolais faoi ardáin Eorpacha
Líonraí Eorpacha
Faigh tuilleadh eolais faoi líonraí Eorpacha
Scaipeadh saothar liteartha Eorpach
Faigh tuilleadh eolais faoi scaipeadh saothar liteartha Eorpach
I-Portunus: soghluaisteacht d’ealaíontóirí agus do ghairmithe
Faigh tuilleadh eolais faoi i-Portunus
Eintitis Chultúrtha Uile-Eorpacha
Faigh tuilleadh eolais faoi Eintitis Chultúrtha Uile-Eorpacha