Skip to main content

Culture and Creativity

Braisle an inneachair

Inneachar ar ardchaighdeán a chruthú agus a léiriú, sin bunchloch thionscal closamhairc na hEorpa.

Mar léiriú ar luachanna Eorpacha, lena n-áirítear éagsúlacht na luachanna sin, tugtar aitheantas agus luach do shaothair Eorpacha ar an ardán domhanda. Gach bliain, tacaíonn MEDIA le breis agus 400 scannán, sraith teilifíse, clár faisnéise agus cluiche físe Eorpach a fhorbairt.

Béim ar an gcomhar trasteorann

Dírítear sa bhraisle seo ar ghníomhaíochtaí a bhfuil breisluach láidir Eorpach ag baint leo chun

  • borradh a chur faoi chomhar trasteorann i measc léiritheoirí agus forbróirí inneachair
  • an nuálaíocht a chothú ó thaobh inneachair, samhlacha gnó agus teicneolaíochta de

Gníomhaíochtaí tacaíochta sonracha agus a spriocanna

An chomhfhorbairt

Leis an ngníomhaíocht sin, is féidir cur le tionscadail chlosamhairc agus tugtar an deis do léiritheoirí ó thíortha éagsúla oibriú le chéile ag céim na forbartha.

Cistiú iltionscadal

Leis an ngníomhaíocht sin, tugtar dreasachtaí do chuideachtaí léiriúcháin chun punann idir 3 agus 5 shaothar closamhairc a fhorbairt, rud a mhéadaíonn roghanna cruthaitheacha agus a thugann tús áite don cháilíocht.

Cistiú iltionscadal beag

Is freagairt é an ghníomhaíocht sin ar riachtanais shonracha léiritheoirí ó thíortha ar lú acmhainneachta iad trí chur chuige punainne teoranta a spreagadh (2 go 3 shaothar closamhairc).

Ábhar don teilifís agus ábhar ar líne

Leis an ngníomhaíocht sin, cuirtear deiseanna ar fáil do léiritheoirí neamhspleácha seasamh chun tosaigh agus a mbunléirithe féin a shaothrú.

Cluichí físe agus ábhar tumthach a fhorbairt

Is ann dó seo chun tacú le hacmhainneacht léiritheoirí cluichí físe, stiúideonna réaltachta leathnaithe agus cuideachtaí léiriúcháin closamhairc chun saothair ar ardchaighdeán a fhorbairt.

Bronntar deontais MEDIA Eoraip na Cruthaitheachta tar éis glaonna iomaíocha ar thograí, a fhoilsítear ar an Tairseach um Dheiseanna Maoinithe agus Tairisceana de chuid an Choimisiúin Eorpaigh. Tabhair do d’aire go mbaineann teorainn ama le glaonna ar thograí, rud a fhágann nach mbíonn siad oscailte go leanúnach. D’fhéadfadh na deontais thuasluaite teacht aníos uair amháin sa bhliain nó dhá uair sa bhliain, agus ba cheart do thairbhithe leasmhara féachaint ar an gClár Oibre atá i bhfeidhm chun na deontais atá ar fáil a réamh-mheas.

Incháilitheacht le haghaidh maoinithe

Tá na grúpaí seo a leanas incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar dheiseanna maoinithe faoi bhraisle an ghnó: Eagraíochtaí oiliúna, dáileoirí agus gníomhairí díolacháin, cuideachtaí teicneolaíochta, seirbhísí físeán ar éileamh (VOD), comhbhailitheoirí, taispeántóirí, margaí scannán, etc. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach an glao ar thograí.

Tagged in:  Eoraip na Cruthaitheachta