Skip to main content

Culture and Creativity

Oidhreacht dhigiteach na hEorpa

Soláthraíonn teicneolaíochtaí digiteacha deiseanna nua chun ábhar cultúrtha a chaomhnú agus an oidhreacht chultúrtha a dhéanamh níos inrochtana do gach lucht féachana. Tá músaeim agus eagraíochtaí cultúrtha a bhaineann leas ag an teicneolaíocht in ann eispéiris nuálacha a sholáthar don chuairteoir, agus ligean don phobal rochtain a fháil ar thaispeántais go cianda agus ábhair nach bhfuil ar taispeáint a fheiceáil.

Tá Ard-Stiúrthóireacht na Líonraí Cumarsáide, an Ábhair Dhigitigh agus na Teicneolaíochta (DG CONNECT) an Choimisiúin Eorpaigh i gceannas ar ghníomhaíochtaí beartais, comhordaithe agus maoinithe chun tacú le digitiú na mBallstát agus le rochtain ar líne ar ábhar cultúrtha agus caomhnú digiteach.

Tuilleadh eolais faoin oidhreacht chultúrtha dhigiteach.

Europeana – ardán digiteach na hEorpa chun oidhreacht chultúrtha a chumasú

Is é misean Europeana an earnáil oidhreachta cultúrtha a chumasú ina claochlú digiteach. Tacaíonn sé leis na mílte músaem, cartlann agus leabharlann Eorpach chun rochtain saor in aisce a a chur ar fáil ar leaganacha digitithe de shaothar ealaíne, de leabhair agus de cheol.

Tá Europeana á mhaoiniú ó 2008 faoin gclár Saoráid um Chónascadh na hEorpa.

Féach ar an mbailiúchán ollmhór ar Europeana.

Digitiú agus caomhnú digiteach

Spreagann an Coimisiún Eorpach díospóireacht faoi bheartais i measc páirtithe leasmhara maidir leis an digitiú agus an caomhnú digiteach, mar a leagtar amach i Moladh 2011 ón gCoimisiún [pdf] ar an ábhar.

Tuilleadh eolais faoin Digitiú agus Caomhnú Digiteach.

Tríd an gclár Taighde agus Nuálaíochta, Fís 2020, infheistíonn an Coimisiún i bhforbairt uirlisí digiteacha agus teicneolaíochtaí atá ar thús cadhnaíochta chun tacú leis an oidhreacht chultúrtha. Leanfar de bheith ag díriú air seo sa chéad chlár Fís Eorpach eile.

Is tábhachtach an rud iad teicneolaíochtaí digiteacha in ábhair lena dtugtar aghaidh ar na nithe seo a leanas:

  • cosaint agus athbhunú na hoidhreachta cultúrtha
  • maoiniú inbhuanaithe músaem agus institiúidí cultúrtha
  • ceardaíocht thraidisiúnta a athbheochan
  • cumas nuálaíochta earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a láidriú

An oidhreacht dhigiteach i gcomhthéacs Bhliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha 2018

Aithníodh an oidhreacht chultúrtha i mBliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha mar speictream leathan acmhainní a fuarthas ar oidhreacht i ngach foirm agus gné: soláimhsithe, doláimhsithe agus digiteach – ‘digiteach ó bhun’ nó digitithe araon.

I rith na bliana, thug rannpháirtithe aghaidh ar na dúshláin agus na deiseanna a bhain leis na teicneolaíochtaí digiteacha don earnáil oidhreachta. Seo a leanas na príomhchuspóirí a bhí ann

  • réitigh a chur chun cinn ionas go mbeadh an oidhreacht chultúrtha inrochtana do gach duine, lena n-áirítear trí mhodhanna digiteacha
  • tacú le scileanna speisialaithe agus bainistíocht eolais agus aistriú eolais chuig an earnáil oidhreachta cultúrtha a fheabhsú
  • taighde agus nuálaíocht i ndáil leis an oidhreacht chultúrtha a chur chun cinn

Cuireadh roinnt tionscnamh chun feidhme le linn na Bliana Eorpaí chun an trasnú idir an oidhreacht chultúrtha agus an oidhreacht dhigiteach a léiriú, cuir i gcás an ‘Story Map’. D’fhorbair Airmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) an Choimisiúin Eorpaigh an uirlis idirghníomhach ar líne seo chun faisnéis sholáimhsithe a sholáthar go tapa éasca maidir le tionscnaimh oidhreachta cultúrtha san Eoraip.

Tionscadail aibhsithe eile

Bailiúcháin Luath-Mheánaoiseanna na hEorpa a nascadh le chéile / Connecting Early Medieval European Collections (CEMEC)

Cuireadh teicneolaíocht atá ar thús cadhnaíochta i bhfeidhm sa tionscadal seo trí líonra comhoibritheach a chur le cheile de thaispeántais ó thíortha éagsúla. Maoiníodh é faoin gclár Eoraip na Cruthaitheachta agus bhí an méid seo a leanas mar thoradh air

  • taispeántas taistil maidir le nascacht agus malartú le linn na Luath-Mheánaoiseanna san Eoraip
  • múnlaí ardcháilíochta 3T
  • feidhmchláir agus beochana digiteacha chun an t-eispéireas taispeántais a shaibhriú

Tuilleadh eolais faoin tionscadal CEMEC.

EUdigiTAC

Ardán oscailte le haghaidh ceardaithe is ea EUdigiTAC chun na bealaí ar féidir oibriú le ceirdeanna a roinnt le chéile agus a thaispeáint. Maoiníodh é faoin gclár Eoraip na Cruthaitheachta agus chabhraigh sé le fíodóirí agus saineolaithe lámhcheardaíochta teicstíle chun na meáin shóisialta a úsáid lena gcuid eolais a roinnt agus daoine óga a spreagadh.

Tuilleadh eolais faoi EUdigiTAC.

Arches

Ag obair le daoine faoi mhíchumas, forbraíodh réitigh nuálacha theicneolaíochta sa tionscadal seo chun rochtain ar dhéantáin chultúrtha a mhéadú le maoiniú ó chlár Fís 2020. Áirítear leis na déantáin sin

  • abhatáir le haghaidh físeáin sa teanga chomharthaíochta
  • rilífí de shaothar ealaíne tadhaill
  • feidhmchláir gan bhacainn le haghaidh cuairteanna músaeim
  • cluichí le haghaidh gutháin chliste agus táibléad

Tuilleadh eolais faoi Arches.