Skip to main content

Culture and Creativity

Inbhuanaitheacht agus oidhreacht chultúrtha

Tá an t-athrú aeráide agus an díghrádú comhshaoil i measc dhúshláin is mó na linne seo, agus is bagairt iad ar an Eoraip agus ar an domhan trí chéile. Tá beart á dhéanamh ag an Aontas Eorpach ina leith agus tá sé ar thús cadhnaíochta sna hiarrachtaí le bheith ar an gcéad ilchríoch aeráidneodrach. Tá baint ag an oidhreacht chultúrtha leis sin freisin.

Tá inbhuanaitheacht ar cheann de na cúig cholún sa Chreat Gníomhaíochta Eorpach maidir leis an Oidhreacht Chultúrtha, ina gcuirtear i dtábhacht an cumas chun caipiteal sóisialta a fheabhsú, fás eacnamaíoch a spreagadh agus inbhuanaitheacht an chomhshaoil a shlánú. Is féidir le cultúr agus oidhreacht chultúrtha cuidiú chun forbairt chuimsitheach inbhuanaithe a bhaint amach.

Áirítear trí bhraisle gníomhaíochtaí sa Chreat chun:

  1. cathracha agus réigiúin a athnuachan tríd an oidhreacht chultúrtha
  2. athúsáid oiriúnaitheach foirgneamh oidhreachta a chur chun cinn
  3. rochtain ar an oidhreacht chultúrtha a chothromú le turasóireacht chultúrtha inbhuanaithe agus an oidhreacht nádúrtha

Inbhuanaitheacht i bhfoirgnimh

Is é an Comhaontú Glas don Eoraip treochlár an Choimisiúin Eorpaigh chun geilleagar an Aontais a dhéanamh inbhuanaithe. Tá foirgnimh ina ngné ríthábhachtach den tionscnamh sin mar gheall go mbaineann 40% den ídiú fuinnimh ar fad agus 36% d’astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais leo.

Éifeachtúlacht fuinnimh na bhfoirgneamh a fheabhsú, tá ról lárnach aige sin chun sprioc uaillmhianach na neodrachta carbóin a bhaint amach faoi 2050 mar a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip. Is é is aidhm don athchóiriú ráta agus cáilíocht na n-oibreacha athchóirithe ar fhoirgnimh arb ann dóibh cheana a mhéadú ionas go gcuirfidh siad amach níos lú dé-ocsaíd charbóin.

Tá tionscadail á maoiniú ag Fís 2020, clár Taighde agus Nuálaíochta an Choimisiúin le haghaidh 2014-2020, chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe éagsúla den éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh, lena n-áirítear foirgnimh stairiúla agus chultúrtha.

Tá sé mar aidhm ag comhpháirtithe PRO-Heritage mar shampla, oideachas tosaigh agus buan a chur ar fáil do ghairmithe agus do cheardaithe a sholáthraíonn inniúlachtaí agus scileanna traidisiúnta don oidhreacht thógtha, bunaithe ar na cleachtais is fearr in eagraíochtaí comhpháirtíochta.

An t-athrú aeráide: bagairt ar an oidhreacht chultúrtha

Mar gheall ar dhamáiste tubaisteach a rinneadh le déanaí ar shuíomhanna oidhreachta cultúrtha, cuirtear níos mó béime fós ar an ngá le suíomhanna a chosaint ar ghuaiseacha nádúrtha agus neamhnádúrtha.

Tá saineolaithe á mbailiú ag an gCoimisiún Eorpach ó Bhallstáit an Aontais chun dea-chleachtais agus bearta nuálacha a shainaithint agus a mhalartú chun oidhreacht chultúrtha a chosaint i gcomhthéacs an athraithe aeráide. Tá sé seo mar chuid den obair faoi Phlean Oibre na Comhairle don Chultúr, 2019-2022, a leanann an cur chuige ‘Modh Oscailte Comhordúcháin’.

Is próiseas ceaptha beartas é an Modh Oscailte Comhordúcháin nach mbíonn bearta reachtacha ceangailteacha mar thoradh air. Bhí grúpaí an Mhodha Oscailte Comhordúcháin comhdhéanta de shaineolaithe a ceapadh ó aireachtaí cultúir agus institiúidí náisiúnta cultúir agus a tháinig le chéile chun dea-chleachtais a mhalartú agus lámhleabhair bheartais agus uirlisí a tháirgeadh.

Fís 2020

Maoiníonn clár Taighde agus Nuálaíochta an Aontais, Fís 2020, tionscadail a oibríonn ar “athléimneacht mhéadaithe agus atógáil inbhuanaithe limistéar stairiúil chun déileáil leis an athrú aeráide agus teagmhais ghuaiseacha”.

Tuilleadh eolais faoin Oidhreacht i mBaol: Taighde agus nuálaíocht an Aontais ar mhaithe le hoidhreacht chultúrtha níos athléimní.

Ceannaireacht Chruthaitheach i leith na hAeráide

Maoiníodh an tionscadal seo faoin gclár Eoraip na Cruthaitheachta agus cuidíonn sé le healaíontóirí agus gairmithe cultúrtha gnéithe cultúrtha den athrú aeráide a fhiosrú. Tá ról uathúil agus criticiúil ag pobail ealaíonta agus cultúrtha: bíonn tionchar acu ar bhealaí nua le bheith beo, le nithe a dhéanamh agus le smaoineamh faoin saol. Tacaíonn Ceannaireacht Chruthaitheach i leith na hAeráide le gairmithe cultúrtha na cáilíochtaí sin a chur i bhfeidhm ar fhadhbanna a bhaineann leis an athrú aeráide.

Tuilleadh eolais faoi Cheannaireacht Chruthaitheach i leith na hAeráide.

Tionscadal HERACLES

Tá sé mar aidhm leis an tionscadal seo réitigh fhreagrúla a cheapadh, a bhailíochtú agus a chur chun cinn le haghaidh athléimneacht éifeachtach na hoidhreachta cultúrtha in aghaidh éifeachtaí an athraithe aeráide trí chur chuige iomlánaíoch, ildisciplíneach.

Tuilleadh eolais faoi HERACLES.

An tionscadal Shelter

Tugann an tionscadal Shelter an pobal eolaíoch agus bainisteoirí oidhreachta le chéile chun athléimneacht a mhéadú, leochaileacht a laghdú agus atógáil níos fearr agus níos sábháilte a chur chun cinn ar shuíomhanna stairiúla a raibh tionchar ag guaiseacha a bhaineann leis a athrú aeráide orthu.

Tuilleadh eolais faoi Shelter.