Léiríonn láithreán mianadóireachta guail Bois du Cazier na haicmí oibre agus an inimirce chuig an Vallúin (an Bheilg) sa 20ú haois. Tharla tubaiste ar an láithreán in 1956, agus scriosadh a raibh ann ó bhéal an mhianaigh go dtí na cairn slaige agus maraíodh 262 dhuine as 12 thír éagsúla. Cé gur stopadh den ghníomhaíocht mhianadóireachta in 1967, rinneadh athrú ó bhonn ar an láithreán ó 2002 agus tá músaem ann anois atá tiomnaithe don tionscal guail, iarainn agus gloine. Tugtar chun cuimhne dlúthpháirtíocht na hEorpa mar a léiríodh tar éis thubaiste 1956, rud a spreag an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach comhlacht sláinte agus sábháilteachta a chruthú.
Tá tuilleadh eolais faoi roghnú an láithreáin le fáil i dtuarascáil an phainéil.