Skip to main content

Culture and Creativity

Caisleán Kynžvart – Áit chruinnithe taidhleoireachta (Poblacht na Seice)

Tá páirc stairiúil 293 heicteár timpeall ar Chaisleán Kynžvart, atá suite in iarthar Phoblacht na Seice. Sa chéad leath den 19ú haois thóg Seansailéir na hOstaire, an Prionsa Klemens von Metternich (1773–1859) an caisleán in athuair. Chuir sé go mór le bailiúcháin shuntasacha theaghlach Metternich, go háirithe leabharlann a bhfuil tábhacht Eorpach léi agus a bhfuil bailiúchán tábhachtach priontaí daigéaracha (grianghraif luatha), agus cófra d’ábhair iontais le fáil inti. Tá na bailiúcháin fós slán gan roinnt agus tá fáil iomlán ag an bpobal orthu.

Tá an caisleán oscailte don phobal ó 1928. In 1840, bhí sé i gcroílár an tionscnaimh dhaonlathaigh, Togra Léig na Síochána. Ba phointe tábhachtach é an togra sin tráth a rabhthas ag lorg cothromaíocht bhuan na cumhachta san Eoraip.

Mar gheall gur le pearsa stairiúil aitheanta, an Seansailéir Metternich, an caisleán, rinneadh cur agus cúiteamh agus caibidlíochtaí go leor ar an taidhleoireacht Eorpach i gCaisleán Kynžvart. Is láthair é an caisleán a chuireann an taidhleoireacht Eorpach i gcuimhne do dhuine, áit a bhfuiltear airdeallach ar an iarracht a rinneadh cothromaíocht a bhaint amach idir príomh‑stáit na hEorpa. Is air sin atá an láithreán dírithe, seachas a bheith gafa le baint phearsanta Metternich féin leis an stair – duine ar cheart plé criticiúil a dhéanamh ar a ról féin.