Skip to main content

Culture and Creativity

Tionscadail Eorpacha um chomhar trasnáisiúnta

Tacaíonn an clár ‘Eoraip na Cruthaitheachta’ le tionscadail um chomhar trasnáisiúnta ina bhfuil eagraíochtaí as earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta i dtíortha éagsúla páirteach. Clúdaíonn sé an tAontas Eorpach agus tíortha níos faide i gcéin.

Is é is aidhm don chlár Eoraip na Cruthaitheachta an maoiniú sin a chur ar fáil chun feabhas a chur ar an rochtain ar shaothar cultúrtha agus cruthaitheach, agus chun an nuálaíocht agus an chruthaitheacht a chur chun cinn.

Tacú le comhar trasteorann

Tá maoiniú ar fáil le haghaidh trí chineál tionscadal, mar atá

  • tionscadail um chomhar ar mionscála (triúr comhpháirtithe as trí thír incháilithe éagsúla ar a laghad)
  • tionscadail um chomhar ar meánscála (cúigear comhpháirtithe as cúig thír incháilithe éagsúla ar a laghad)
  • tionscadail um chomhar ar mórscála (deichniúr comhpháirtithe as deich dtír incháilithe éagsúla ar a laghad)

Féadfaidh earnáil chultúir agus chruthaitheachta amháin nó níos mó a bheith san áireamh sna tionscadail, agus féadfaidh siad a bheith idirdhisciplíneach.

Fad na dtionscadal

48 mí is ea tréimhse uasta na dtionscadal uile.

Incháilitheacht le haghaidh maoiniúcháin

Is féidir le heagraíochtaí atá gníomhach in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta cur isteach ar an maoiniú. Ní féidir le daoine aonair cur isteach air.

Tuilleadh eolais faoin bpróiseas iarratais

Faigh tuilleadh eolais faoi na tionscadail Eorpacha um chomhar agus faoi na glaonna eile ar thograí faoi shnáithe Cultúir an chláir Eoraip na Cruthaitheachta.

Beidh mionsonraí faoin bpróiseas iarratais ar fáil in am trátha ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Oideachas agus Cultúr; i rannán na nglaonna ar thograí; agus trí Dheasca Eoraip na Cruthaitheachta chomh maith.

Faigh inspioráid ar Ardán Thorthaí Thionscadail an chláir Eoraip na Cruthaitheachta maidir le tionscadail um chomhar de chuid an chláir Eoraip na Cruthaitheachta a fhaigheann tacaíocht.

Tagged in:  Eoraip na Cruthaitheachta

Last updated:

Share this page