Skip to main content

Culture and Creativity

Campa Westerbork, an Ísiltír

Tá stair chorrach ag baint le Campa Westerbork in oirthuaisceart na hÍsiltíre.

Campa dídeanaithe le haghaidh Giúdaigh a ndearna na Naitsithe géarleanúint orthu a bhí ann go dtí 1942, agus ansin rinneadh campa idirthurais de ónar seoladh Giúdaigh, Romaigh agus Sintígh chuig campaí díothaithe agus sluachampaí géibhinn sa Ghearmáin agus i gcríocha faoi fhorghabháil i Lár agus in Oirthear na hEorpa.

Tar éis an Dara Cogadh Domhanda, cuireadh i bpríosún sa champa náisiúnaigh Ollannacha a raibh amhras fúthu go raibh siad ag comhoibriú leis na Naitsithe. Níos déanaí, cuireadh daoine ann a bhí ag filleadh ar an Ísiltír as na hIndiacha Thoir, iarchoilíneacht de chuid na hÍsiltíre, agus ina measc bhí grúpa mór Molacaíoch.

Tá nasc ag Campa Westerbork le téamaí ríthábhachtacha i stair na hEorpa, mar shampla forghabháil, géarleanúint, imirce, díchoilíniú agus ilchultúrachas.

Sa lá atá inniu ann tá músaem (ina gcuirtear cláir oideachais agus gníomhaíochtaí eile ar fáil) agus séadchomharthaí cuimhneacháin (ar nós Leac Chuimhneacháin Náisiúnta Westerbork) ar láithreán an iarchampa.

Faigh tuilleadh eolais faoi roghnú an láithreáin ó thuarascáil an phainéil.