Skip to main content

Culture and Creativity

An Mundaneum (Mons na Beilge)

Is sainchomhartha i gcreatlach intleachtúil agus shóisialta na hEorpa é an Mundaneum. Bhunaigh Henri La Fontaine agus Paul Otlet é, agus bhí siad i bhfách leis an tsíocháin trí idirphlé agus malartú eolais ar an leibhéal Eorpach agus idirnáisiúnta tríd an bhfiosrúchán bibleagrafaíochta. Bhí sé mar aidhm ag an Mundaneum an t‑eolas ar fad atá ar fáil ar fud an domhain a bhailiú, gan beann ar mheán an eolais sin (leabhair, nuachtáin, cártaí poist...), agus é a aicmiú de réir córas a d’fhorbair siad, an tAicmiú Deachúil Uilíoch.

Is é an Mudaneum bunsraith eolaíocht faisnéise an lae inniu agus meastar anois gurb é réamhtheachtaí na n-inneall cuardaigh idirlín é.