Skip to main content

Culture and Creativity

Bouwmeester – Maître Architecte na Bruiséile

Ról nua d’fhorbairt uirbeach chuimsitheach.

Tír:
Type of project :
Size of city/region:
View of the Brussels' canal.

Príomhfhíricí

Príomhurraitheoir: Réigiún na Bruiséile – na Príomhchathrach 

An bhliain a cuireadh an tionscadal i gcrích: Ó bhí 2009 ann go dtí an t-am i láthair

Cúlra cathrach/réigiúnach

San am a chuaigh thart, chuaigh an Bhruiséil tríd an uirbiú tapa gan pleanáil uirbeach chuimsitheach. Le blianta beaga anuas, tugadh tús áite go príomha d’ailtireacht ar ardchaighdeán agus don timpeallacht thógtha. In 2009 thug rialtas Réigiún na Bruiséile – na Príomhchathrach an ról Bouwmeester Maitre Architecte (BMA) isteach chun feabhas a chur ar cháilíocht na dtionscadal forbartha uirbí ar fud na cathrach. 

Tá ceapachán na Máistir-Ailtirí (bouwmeesters) tagtha chun cinn mar chur chuige a glacadh go forleathan sa Bheilg ó 2000 i leith. Ba é an cuspóir bunaidh próisis soláthair phoiblí a eagrú ar bhealach níos fearr le haghaidh conarthaí seirbhíse ailtireachta, agus díriú ar a ndípholaitiú agus a ngairmiúlú. Sa chomhthéacs sin, is éard a bhí i gceist leis comórtais ailtireachta dea-struchtúrtha a eagrú. 

Sa Bhruiséil, áfach, d’fhorbair an cuspóir sin go tapa chun misean níos leithne a chuimsiú – conas cáilíocht fhoriomlán na hailtireachta agus na timpeallachta tógtha a chur chun cinn, agus é a bheith éascaithe le huirlisí éagsúla. Roghnaítear BMA trí phróiseas earcaíochta oscailte poiblí, faoi mhaoirseacht coiste measúnaithe atá comhdhéanta de speisialtóirí seachtracha ar an leibhéal réigiúnach i Réigiún na Bruiséile – na Príomhchathrach. Tá tréimhse oifige 5 bliana i gceist leis na ceapacháin. Cé gurb é rialtas na Bruiséile a leagann síos an sainordú, is ról neamhspleách é chun na torthaí pleanála ailtireachta agus uirbí is fearr a chur chun cinn don chathair. 

Réiteach

Ó thaobh rialtais agus riaracháin de, meastar gur eintiteas réigiúnach í an Bhruiséil. Ach i bhfianaise a scála ar leith, feidhmíonn sí mar chathair. Cás uathúil sa Bheilg is ea BMA toisc go dtugann an ról na leibhéil áitiúla agus réigiúnacha le chéile. Murab ionann agus cathracha nó réigiúin eile, tá ról an ‘bouwmeester’ scríofa isteach sa dlí agus níl sé ag brath ar rogha an rialtais réigiúnaigh ach ar chinneadh na parlaiminte réigiúnaí. Tá sé mar aidhm ag BMA an tionchar is mó is féidir a bhaint amach trí gach gné den fhorbairt uirbeach a chumhdach, ailtireacht, pleanáil uirbeach, spásanna poiblí, agus tírdhreach san áireamh. 

Ní ar thionscadail amháin a oibríonn BMA ach oibríonn sé freisin ar rialachas agus ar uirlisí a chuireann feabhas struchtúrach ar cháilíocht na timpeallachta tógtha. Is é an misean atá aige uaillmhianta na Bruiséile i bhforbairt uirbeach a chur chun cinn trí chúnamh, comhairle agus spreagadh a thabhairt do chliaint phoiblí agus phríobháideacha. Tá sé mar aidhm aige dul chun tairbhe do réimse leathan daoine, ó tharla go mbíonn tionchar aige ar gach duine sa chathair. Baineann sé úsáid as uirlisí éagsúla, uirlisí a bhfuil níos mó rannpháirtíochta poiblí agus fócas ar leith ar an athrú aeráide le sonrú iontu anois. 

Le himeacht na mblianta, tá athrú tagtha ar ról agus ar fhreagrachtaí BMA. Tá ceithre phríomhuirlis chumhachta boige ann a úsáidtear go praiticiúil: comórtais deartha, ‘seomraí cáilíochta’ (boird athbhreithnithe dearaidh), taighde trí dhearadh, agus cumarsáid.

Critéir don ardchaighdeán (comhthéacs, ómós áite, éagsúlacht, áilleacht)

  • Feidhmíonn BMA ar bhealach trasfheidhmeach, é ag obair i gcomhar le heintitis agus le ranna éagsúla atá ag gabháil d’fhorbairt uirbeach na Bruiséile, sin agus oibríonn sé le leibhéil éagsúla beartais agus le réimsí éagsúla ar an leibhéal feidearálach, réigiúnach agus áitiúil. 
  • Cuidíonn an cur chuige ‘taighde trí dhearadh’ le fís a thabhairt do thionscadal sna céimeanna tosaigh agus leagann sé amach na féidearthachtaí a bheidh ann amach anseo do gach suíomh, clár nó téama. Mar chuid den chur chuige sin, pléann an fhoireann cén chuma ba chóir a bheith ar rudaí agus cén chaoi ar cheart dóibh feidhmiú sa spás sin. 
  • Is é an rialtas ina iomláine a cheapann BMA agus bíonn sé ag fónamh dóibh siúd atá freagrach go polaitiúil as gach réimse beartais. Léirítear leis an méid sin go dtugtar aire don cháilíocht spásúil agus go ndéantar í a chomhtháthú i ngach gné den rialachas agus den chinnteoireacht. Cinntíonn sé freisin cur chuige cuimsitheach maidir le pleanáil agus forbairt uirbeach. Ní mór don cháilíocht gach rud a thabhairt le chéile agus gnéithe éagsúla a nascadh le chéile. 

Rialachas agus bainistíocht

Bhí baint ag gníomhaithe éagsúla, cuir i gcás údaráis phoiblí ó réimsí beartais éagsúla, gníomhaithe ó réimse an chultúir agus an oideachais, agus gníomhaithe agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, le ról BMA a thabhairt isteach in 2009. 

Tá go leor gníomhaithe páirteach i bhfeidhmiú reatha BMA: údaráis phoiblí ar gach leibhéal, an earnáil phríobháideach agus dreamanna gairmiúla, an preas, institiúidí cultúrtha agus oideachais, comhlachais shibhialta. 

Tá 15 dhuine ar fhoireann BMA faoi láthair.  

Buiséad agus maoiniú

Is é Réigiún na Bruiséile – na Príomhchathrach a chuireann an buiséad ar fáil. Ní chumhdaíonn an buiséad ach luach saothair na foirne, aon fhorchostais san áireamh. In 2022 bhí costas thart ar €1,500,000 ar na 17 mball foirne. 

Tá idirghabháil BMA saor in aisce d’aon duine a iarrann a chuid seirbhísí. Mar sin féin, níl an buiséad a bhaineann le cur i bhfeidhm na dtionscadal san áireamh sa raon feidhme seo.

Smaointí inaistrithe

Ó 2000 i leith, tá tóir níos mó agus níos mó sa Bheilg ar cheapadh bouwmeesters mar dhea-chleachtas. Is minic suim a bheith ann ó thíortha eile feidhm chomhchosúil a thabhairt isteach, ar an leibhéal náisiúnta (an tSualainn, an Eastóin), agus ar leibhéal na cathrach (an Ísiltír, an Rómáin). 

Leideanna ón gcathair: 

  • Bíonn dlíthe agus rialacháin úsáideach mar thúsphointe do cháilíocht an dearaidh. Ach tá gá le bearta breise, go háirithe na cineálacha cur chuige níos neamhfhoirmiúla a bhaineann le cumhacht bhog sa rialachas dearaidh ardcháilíochta. 
  • Tá tábhacht le neamhspleáchas sa rialachas dearaidh ardcháilíochta, de réir mar a mhéadaíonn an mhuinín bunaithe ar argóinteacht agus ar chuntasacht. Fágann sin gur féidir le BMA oibriú go trasnach, bacainní a bhriseadh agus oibriú laistigh agus lasmuigh den chóras. 
  • Forbair feidhm idirlinne idir saol na cruthaitheachta agus na saoránach agus saol an riaracháin agus na polaitíochta. Ní ón mbun aníos nó ón mbarr anuas amháin atá an aidhm dírithe, ach ar an idirghníomhú gan uaim eatarthu.

Sonraí teagmhála

Déan teagmháil le Bouwmeester Maitre Architecte na Bruiséile trí ríomhphost.