Skip to main content

Culture and Creativity

Cáceres: deartha ag muintir na háite

Daoine, rialtais agus saineolaithe ag déanamh athfhorbairt ar chearnóg Santiago i dteanna a chéile.

Tír:
Type of project :
Size of city/region:
3D view of Santiago square in Cáceres, Spain.

Príomhfhíricí

Stiúideonna ailtireachta: Antonio Alvarez-Cienfuegos trí chomórtas a d’eagraigh Coláiste Oifigiúil Ailtirí Extremadura (COADE)

Príomhurraitheoir: Pueblos con futuro - Clár trí Údarás Cúige Cáceres

An bhliain a cuireadh an tionscadal i gcrích: ar siúl faoi láthair

Achar iomlán:  3,300.50 m2

Cúlra cathrach/réigiúnach

Tá Cáceres ina láithreán Oidhreachta Domhanda de chuid UNESCO ó 1986 i leith. Tá cáil ar chearnóg Santiago i measc áitritheoirí reiligiúnacha, daoine áitiúla eile, agus turasóirí araon, agus cuireadh go leor gníomhaíochtaí cultúrtha agus fóillíochta ar siúl ann.

Mar sin féin, chuir cumainn chónaitheoirí in iúl go raibh imní orthu faoi dhíghrádú agus imeallú an limistéir sin a bhfuil luach as cuimse ailtireachta agus oidhreachta ag baint leis.

In 2022, chinn na húdaráis phoiblí feabhas a chur ar an gcearnóg. Theastaigh uathu é a iompú ina spás níos tarraingtí a d’fhéadfadh freastal níos fearr ar riachtanais úsáideoirí, freastal ar ghníomhaíochtaí éagsúla agus braistint chomhuintearais an phobail áitiúil a threisiú.

Cuireadh de chúram ar Choláiste Oifigiúil Ailtirí Extremadura (COADE) comórtas a reáchtáil chun tograí a bhailiú chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • rochtain ar an gcearnóg a fheabhsú; feidhmiúlacht na cearnóige a fheabhsú
  • straitéis a bhunú maidir le soghluaisteacht gluaisteán agus páirceáil
  • limistéir ghlasa a fheabhsú
  • bainistiú ceart seirbhísí uirbeacha a chinntiú
  • bailiú uisce agus draenáil a fheabhsú

Tá an tionscnamh seo bunaithe ar luachanna agus prionsabail Bauhaus Eorpach Nua, agus ar Chlár Oibre Uirbeach na Spáinne. Cuireann sé gníomhaíochtaí atá beartaithe i bPlean Gníomhaíochta Áitiúla Cáceres chun feidhme agus comhlíonann sé na cuspóirí a leagtar amach i straitéis fhadtéarmach na Spáinne maidir le hathchóiriú fuinnimh foirgneamh.

Réiteach

Tá athchóiriú chearnóg Santiago agus an chomharsanacht mórthimpeall uirthi mar thoradh ar an méid seo a leanas:

  • cur chuige rannpháirtíochta a raibh dlúthbhaint ag na saoránaigh leis an bpróiseas cinnteoireachta
  • comhoibriú idir roinnt leibhéal rialachais, a chuir ceannaireacht láidir ar fáil
  • saintreoir a chuir COADE ar fáil

Meitheal ar a raibh ionadaithe ó chumainn chónaitheoirí, COADE agus údaráis phoiblí a cheap sonraíochtaí an chomórtais seo. Thionóil Comhairle Cúige Cáceres, Comhairle Cathrach Cáceres, agus COADE roinnt cruinnithe teicniúla freisin chun a gcritéir agus a n-ionchais a ailíniú.

D’eagraigh COADE, i gcomhar le cumainn chónaitheoirí, go leor cruinnithe, ceardlann agus gníomhaíochtaí, cuir i gcás cuairteanna ar an gcearnóg, le linn an phróisis chun feasacht a ardú i measc na n-áitritheoirí agus chun a moltaí a fháil.

I mí Iúil 2022 tionóladh giúiré an chomórtais, a bhí comhdhéanta de chónaitheoirí, ailtirí, agus ionadaithe ó na riaracháin áitiúla agus chúige, chun athbhreithniú a dhéanamh ar gach aighneacht. I mí Dheireadh Fómhair 2022, cuireadh an tionscadal buaiteach i láthair go poiblí agus cuireadh taispeántas os comhair an tsaoil i gceanncheathrú COADE. Bhí na páirtithe leasmhara uile a raibh baint acu leis an bpróiseas i láthair ag an ócáid.

Critéir don ardchaighdeán (comhthéacs, ómós áite, éagsúlacht, áilleacht)

  • Tá an próiseas athshlánaithe don chearnóg fréamhaithe go láidir sna hábhair imní agus sna tograí a chuir na cónaitheoirí in iúl, agus sainiúlachtaí na háite á gcur san áireamh, go háirithe cearnóg agus comharsanacht a bhfuil ardluach oidhreachta aici.
  • Ba chuspóir lárnach é braistint chomhuintearais an phobail áitiúil a threisiú. Chuir an cur chuige rannpháirtíochta ar chumas ailtirí na réitigh maidir le hathshlánú na cearnóige a chur in oiriúint do riachtanais na n-úsáideoirí uile, agus luach oidhreachta na háite á chur san áireamh.
  • Le linn an phróisis, rinneadh go leor gníomhaíochtaí chun na háitritheoirí a chur ar an eolas faoi dhúshláin an tionscadail agus chun a gcuid moltaí a fháil. Leis an gcur chuige rannpháirteach sin, bhíothas in ann réitigh shaincheaptha a dhearadh agus braistint chómhuintearais an phobail a threisiú.

Pleanáil agus bainistíocht

Bhí an tionscadal faoi mhaoirseacht ag roinnt riarachán poiblí, lena n-áirítear

  • Comhairle Cúige Cáceres (An Roinn um Bonneagar Cliste Críochach agus Soghluaisteacht),
  • Comhairle Cathrach Cáceres (Oifig na Forbartha Uirbí agus na Cathrach Stairiúla)
  • Cuibhreannas Chathair Stairiúil Cáceres

Rinne COADE Smaointe an Chomórtais a fhorbairt agus a chur chun feidhme, le ranníocaíochtaí ó Chumann Comharsanachta Ciudad Monumental de Cáceres agus ó Institiúid Teicneolaíochta na Carraige Ornáideacha agus na nÁbhar Foirgníochta (INTROMAC).

Buiséad agus maoiniú

Ba é €600,000 an buiséad iomlán a leithdháileadh ar an bpróiseas ar fad (lena n-áirítear na hoibreacha athchóirithe atá ar na bacáin); é curtha ar fáil ag Comhairle Cúige Cáceres don COADE chun an tionscadal agus na hoibreacha athshlánaithe a chur i bhfeidhm. Is dócha go méadófar an buiséad sin go €1.1 milliún mar gheall ar bhoilsciú.

Smaointí inaistrithe

  • Déan próiseas rannpháirtíochta struchtúrtha a cheapadh agus a chur chun feidhme ón tús, próiseas lena gcuirtear áitritheoirí de gach aois, inscne agus cúlraí sóisialta i gcroílár na gcinntí.
  • Ní mór do ghairmithe an próiseas rannpháirtíochta sin a stiúradh agus comhairle a chur ar fáil ina leith, ionas go mbeidh cinntí indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch.
  • Cothaigh idirphlé idir dearcthaí, disciplíní agus riaracháin éagsúla i bpróiseas comhrialachais il-leibhéil.

Sonraí teagmhála

  • Déan teagmháil le Coláiste Oifigiúil Ailtirí Extremadura (COADE) trí ríomhphost.
  • Déan teagmháil le roinn pleanála uirbí bhardas Cáceres trí ríomhphost.