Skip to main content

Culture and Creativity

Láithreán néandartálach Krapina (Krapina na Cróite)

Thángthas ar an líon is mó de chnámha iontaise Néandartálacha san Eoraip ar an láithreán seo in 1899, is é sin tuairim agus naoi gcéad taisí daonna de thart ar ochtó duine, chomh maith le cnámha ainmhithe éagsúla ón mbliain 125,000 RCh. Rinne saineolaithe ó gach cearn den domhan taighde ar an mbailiúchán agus bhí tionchar ag an tuiscint a bhí acusan ar an méid a fuarthas in Krapina ar theoiricí difriúla eolaíocha maidir le forbairt an duine, bunús ár sibhialtachta agus faoin gcaoi ar mhair pobail dhaonna san Eoraip sa tréimhse Phléisticéineach.

In aice leis an láithreán seandálaíochta, tá Músaem Néandartálach Krapina, áit a gcuirtear i láthair ar bhealach idirghníomhach bunús na beatha ar an Domhan agus éabhlóid an duine.