Skip to main content

Culture and Creativity

Eintitis Chultúrtha Uile-Eorpacha

Is é is aidhm don ghníomhaíocht nua seo de chuid an chláir Eoraip na Cruthaitheachta tacaíocht a thabhairt d’eintitis chultúrtha – ar nós ceolfhoirne – a bhfuil raon geografach leathan acu agus arb aidhm dóibh deiseanna oiliúna, gairmiúlaithe agus léirithe a chur ar fáil do cheoltóirí óga ardchumasacha.

Tacaíocht chun pobail óga a shroicheadh trí imeachtaí beo agus tríd an teicneolaíocht dhigiteach

Leis an ngníomhaíocht seo cuirfear maoiniúchán ar fáil do na heagraíochtaí rannpháirteacha chun tacaíocht a chur ar fáil do cheoltóirí óga agus chun deiseanna a thabhairt dóibh a gcumais a fhorbairt agus a léiriú go rialta. Cuspóir phríomha is ea í pobail óga a shroicheadh trí léirithe beo agus trí uirlisí digiteacha.

Beidh ar na heagraíochtaí cur chuige cuimsitheach mionchúiseach a ghlacadh chun ceoltóirí óga a mhealladh. Mar chuid den phróiseas céanna, ba cheart a chinntiú gur náisiúnaigh/cónaitheoirí as 20 tír ar a laghad de na tíortha atá rannpháirteach i gclár Eoraip na Cruthaitheachta iad na ceoltóirí atá rannpháirteach sna tionscadail sin.

Incháilitheacht le haghaidh maoiniúcháin

Sa chéim seo, díreofar an ghníomhaíocht seo ar eagraíochtaí a thabharfaidh tacaíocht do cheoltóirí óga ardchumasacha Eorpacha i réimse na gceolfhoirne. Is incháilithe le hiarratas a dhéanamh na heagraíochtaí a chuireann oiliúint ar cheoltóirí óga ardchumasacha le bheith ina ngairmithe san earnáil, ar eagraíochtaí iad freisin a eagraíonn léirithe nó a chuireann chun cinn iad agus é mar aidhm faoi leith acu pobail óga Eorpacha a mhealladh.

Tuilleadh eolais faoin bpróiseas iarratais

Faigh a thuilleadh eolais faoi na hEintitis Chultúrtha Uile-Eorpacha agus faoi na glaonna eile ar thograí faoi Shraith an Chultúir de chuid Eoraip na Cruthaitheachta.

Beidh mionsonraí faoin bpróiseas iarratais ar fáil in am trátha ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Oideachas agus Cultúr; i rannán na nglaonna ar thograí; agus trí Dheasca Eoraip na Cruthaitheachta.

Tagged in:  Eoraip na Cruthaitheachta