Skip to main content

Culture and Creativity

Pálás na Síochána, an Háig, an Ísiltír

I bPálás na Síochána déantar stair na síochána san Eoraip a rianú. Sular osclaíodh an Pálás in 1913, ba sa Háig a tionóladh an Chéad Chomhdháil Síochána Dhomhanda in 1899 – an toradh ar ghluaiseacht síochána an naoú haois déag a bhí á cur chun cinn ag an-chuid intleachtóirí Eorpacha.

Tionóladh comhdhálacha síochána idirnáisiúnta i bPálás na Síochána go luath san fhichiú haois ó 1913 ar aghaidh, comhdhálacha a bhí dírithe ar an iomaíocht armála a rialáil agus díospóidí idirnáisiúnta a réiteach trí chóras eadrána.

Táthar ag leanúint den obair sin inniu mar is i bPálás na Síochána atá an-chuid institiúidí breithiúnacha suite (an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta, an Bhuanchúirt Eadrána, Acadamh Dlí Idirnáisiúnta na Háige) agus sis léiriú é ar luachanna na síochána agus an cheartais. Is minic a ghlaoitear ceannáras an dlí idirnáisiúnta air.

Faigh tuilleadh eolais faoi roghnú an láithreáin ó thuarascáil an phainéil.