Skip to main content

Culture and Creativity

Caidreamh cultúrtha idirnáisiúnta

Bioráin i gcruth bhrat an Aontais Eorpaigh ar chruinneog

I gcomhréir leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá an tAontas Eorpach tiomanta cultúr ilghnéitheach na hEorpa a chur chun cinn ina chaidreamh idirnáisiúnta. Tá an tAontas ina pháirtí le Coinbhinsiún UNESCO ar Éagsúlacht Léirithe Cultúir a Chosaint agus a Chur Chun Cinn 2005, arb é an phríomhreachtaíocht sa réimse seo.

Cur chun cinn an chultúir mar ghné ríthábhachtach i gcaidreamh idirnáisiúnta an Aontais Eorpaigh, tá sin ar cheann de na trí phríomhchuspóir atá ag an gClár Oibre Eorpach le haghaidh an Chultúir ó bhí 2007 ann. Athnuadh an tiomantas seo mar chuid den Chlár Oibre Eorpach Nua le haghaidh an Chultúir 2018.

Straitéis sheachtrach an Aontais i leith an chultúir

Chun straitéis éifeachtach a cheapadh maidir le caidreamh cultúrtha, tá an méid a leanas déanta ag an gCoimisiún

  • thug sé faoi phróiseas mór mapála agus comhairliúcháin thar 54 thír i gcomhthéacs na Réamhghníomhaíochta ‘Cultúr i gCaidreamh Seachtrach an Aontais Eorpaigh’, le tacaíocht ó institiúidí agus eagraíochtaí cultúir. As seo tháinig sraith tuarascálacha tíre agus tuarascáil deiridh agus moltaí ar conas an cur chuige straitéiseach a fhorbairt maidir le cultúr ar leibhéal an Aontais Eorpaigh.
  • chuaigh sé i gcomhairle le príomhpháirtithe leasmhara ar bhreisluach, cuspóirí féideartha agus prionsabail atá mar bhonn taca faoi chur chuige níos straitéisí i leith an chultúir i gcaidreamh seachtrach an Aontais

D’ullmhaigh seo an foras chun an Teachtaireacht Chomhpháirteach 'I dtreo straitéis de chuid an Aontais Eorpaigh i leith caidreamh cultúrtha idirnáisiúnta', bunchloch chomhar cultúrtha idirnáisiúnta an Aontais, a fhoilsiú. Tá trí phríomhchuspóir ag an straitéis:

1. Acmhainneacht an chultúir agus na cruthaitheachta a scaoileadh maidir le forbairt inbhuanaithe shóisialta agus eacnamaíoch

Tá an cultúr ina fhoinse d’fhás cuimsitheach agus cruthú post agus tá an trádáil domhanda i dtáirgí cruthaitheacha i ndiaidh leanúint uirthi ag fás le blianta beaga anuas, d’ainneoin na héiginnteachta eacnamaíche.

2. Síocháin a chur chun cinn agus troid in aghaidh an radacaithe tríd an idirphlé idirchultúrtha

Is féidir leis an bplé idirchultúrtha tuiscint a chruthú agus a chur chun cinn laistigh de shochaithe agus eatarthu. Cuidíonn sé leis an luach a bhaineann leis an éagsúlacht chultúrtha agus cearta an duine a léiriú.

3. An comhar ar an oidhreacht chultúrtha a neartú

Is léiriú tábhachtach den éagsúlacht chultúrtha is fiú a chosaint í an oidhreacht chultúrtha. Is féidir leis an Aontas ról tábhachtach a ghlacadh i gcosaint na hoidhreachta cultúrtha ar fud an domhain trí oiliúint, forbairt scileanna agus gníomhaíochtaí aistrithe eolais a chur ar fáil do thíortha comhpháirtíochta.

Tá rannpháirtíocht gach páirtí leasmhar sa straitéis nua ríthábhachtach dá rath agus bíonn ról gníomhach acu. Is iad na páirtithe leasmhara

  • rialtais ó thíortha comhpháirtíochta
  • eagraíochtaí áitiúla cultúir agus an tsochaí shibhialta
  • an Coimisiún
  • an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí
  • Parlaimint na hEorpa
  • institiúidí eile de chuid an Aontais Eorpaigh
  • Ballstáit de chuid an Aontais agus a n-institiúidí cultúir 

Á spreagadh ag an gcreat seo, d’iarr gníomhaithe éagsúla cur chuige straitéiseach i leith an chultúir i gcaidreamh seachtrach an Aontais

Comhar réigiúnach

Cothaíonn an tAontas Eorpach comhar cultúrtha agus idirphlé beartais le tíortha lasmuigh den Aontas Eorpach trí ghrúpaí réigiúnacha, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus caidreamh saincheaptha le tíortha aonair.

Tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha

Tacaíonn an clár Eoraip na Cruthaitheachta de chuid an Aontais Eorpaigh le hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta na hEorpa. Glacann an réigiún foriomlán páirt i bhfochlár Cultúir Eoraip na Cruthaitheachta.

Tacaíonn an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA) leis na Balcáin Thiar lena n-ullmhúcháin le haghaidh aontachas san Aontas agus éascaíonn sé comhar trasteorann, ina dtugtar le chéile tacaíocht dhéthaobhach agus réigiúnach. I measc samplaí de ghníomhaíochtaí faoin ionstraim seo, tá an Glao tiomanta ar chomhthionscadail chomhair chultúrtha leis na Balcáin Thiar agus an iarracht cur in aghaidh gáinneáil ar earraí cultúir sna Balcáin Thiar, rudaí ar chuir an tAontas agus UNESCO chun feidhme iad go comhpháirteach.

An ionstraim um Chúnamh Teicniúil agus Malartú Faisnéise (TAIEX) agus clár um Nascadh.

Interreg B, a thacaíonn le comhar trasnáisiúnta. Clúdaíonn trí cinn dá chláir cuid de na Balcáin Thiar (ADRION, DANUBE agus Balkan‑Mediterranean).

Tíortha Chomharsanacht na hEorpa

Tá an comhar cultúrtha mar chuid de Bheartas Comharsanachta na hEorpa (ENP) an Aontais Eorpaigh, ina gclúdaítear na tíortha seo a leanas: An Ailgéir, an Airméin, an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, an Éigipt, an Iordáin, Iosrael, an Libia, an Liobáin, Maracó, an Mholdóiv, an Phalaistín, an tSeoirsia, an tSiria, an Túinéis agus an Úcráin.

Maoinítear tionscadail chultúir faoin Ionstraim um an mbeartas Eorpach um Chomharsanacht agus um Chomhpháirtíocht (ENPI).  Mar chuid den ionstraim seo tá cláir dhéthaobhacha, réigiúnacha agus thrasteorann comhair, an Ionstraim um Chúnamh Teicniúil agus Malartú Faisnéise (TAIEX) agus an clár um Nascadh.

D’fhorbair clár Eoraip na Cruthaitheachta 2014-20 de chuid an Aontais Eorpaigh comhar trí ligean do thíortha páirt foriomlán a ghlacadh, ar choinníoll go gcomhlíonfaí coinníollacha áirithe. Tháinig an Airméin, an tSeoirsia, an Mholdóiv, an Túinéis agus an Úcráin chun bheith ina gcomhaltaí den chlár.

Comhpháirtíocht an Deiscirt

Tá treoir ag caidreamh an Aontais leis an réigiún ón gComhdhearcadh Eorpach maidir le Forbairt agus Straitéis Dhomhanda an Aontais agus Beartas athbhreithnithe Comharsanachta na hEorpa. Liostaítear i bPáipéar Straitéise Réigiúnach an Deiscirt 2014-2020 go bhfuil tógáil na comhpháirtíochta sin ar cheann dá chuspóirí, agus cuirtear béim shonrach ar thacaíocht don tsochaí shibhialta agus ar dheiseanna feabhsaithe i ndáil le haistrithe agus teagmháil duine-le-duine, agus béim ar leith á cur ar an óige. Ceann de thosaíochtaí an Chláir Ilbhliantúil Táscaigh Réigiúnaigh an Deiscirt is ea an teacht aniar a fhorbairt agus an chobhsaíocht a chur chun cinn, cultúr agus an óige ina measc.

As seo, tháinig maoiniú do chlár nua chun tacú leis an óige agus leis an gcultúr i gComharsanacht an Deiscirt. Cuireann gné na hóige rannpháirtíocht ghníomhach daoine óga chun sochaithe ionchuimsitheacha agus daonlathacha a thógáil chun cinn trí thionscadal SAFIR. Tacaíonn gné an chultúir leis an gcultúr mar rud a mheallann fostaíocht, daonlathú, caoinfhulaingt agus teacht aniar sa réigiún. Roimh 2018, thacaigh an clár réigiúnach Med-Culture le 9 dtír chomhpháirtíochta i Réigiún na Meánmhara Theas maidir le beartais agus cleachtais chultúrtha a bhaineann le hearnáil an chultúir a fhorbairt agus a fheabhsú.

Comhpháirtíocht an Oirthir

Cuireann Comhpháirtíocht an Oirthir an Aontais creat ar fáil le haghaidh comhar cultúrtha faoi Ardán iltaobhach 4 "Teagmhálacha Idirphearsanta".

Tá sé mar aidhm ag an gClár EU4Culture naisc a neartú idir cultúr, fás eacnamaíoch agus cur chun cinn an idirphlé agus na taithí idirchultúrtha.

Thacaigh Clár Cultúir Chomhpháirtíocht an Oirthir le hiarrachtaí athchóirithe an bheartais cultúir ar leibhéal an rialtais agus chuidigh sé le feabhas a chur ar ghairmiúlacht oibreoirí in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta. Anuas ar a ghníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta, thacaigh an Clár le neart tionscadal a dhírigh ar athchóiriú beartais cultúir.

Tíortha i mbéal forbartha

D’fhás na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) as Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe, agus is é is aidhm dóibh go mbainfidh gach duine tairbhe i ndáiríre as an bhforbairt inbhuanaithe.  Tá baint ag an gcultúr le cúpla SDGanna; mar chumasóir agus mar ghné thábhachtach d’fhorbairt an duine, is féidir le cultúr cur leis na rudaí seo a leanas

  • fás eacnamaíoch agus cruthú post
  • idirphlé idirchultúrtha a chur chun cinn
  • meas ar chearta an duine agus luachanna daonlathacha
  • sochaí shibhialta ghníomhach a fhorbairt
  • coinbhleacht a chosc
  • cuimsiú sóisialta

I gcomhréir lena Chomhthoil Eorpach um Fhorbairt, tá gníomhaíochtaí i réimse an chultúir curtha san áireamh i gcuid mhaith dá chuid oibre ar an bhforbairt ag an Aontas Eorpach. Faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2014-2020, d’infheistigh an tAontas Eorpach €300 milliún i ngníomhaíochtaí a fhorbraíonn comhar idir comhpháirtíochtaí cultúrtha, go háirithe tríd an Ionstraim maidir le Comhar um Fhorbairt, an Ionstraim Eorpach Chomharsanachta, an Ciste Eorpach Forbraíochta agus Fís 2020. 

Díríonn tionscadail ar tugadh fúthu le déanaí ar athshlánú na hoidhreachta cultúrtha agus na turasóireachta, cur chun cinn deiseanna fostaíochta agus forbairt scileanna; tacú le hearnálacha an chultúir agus na cruthaitheacha agus a rialachas don fhorbairt shocheacnamaíoch; idirphlé idirchultúrtha, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus cearta cultúrtha don chomhtháthú sóisialta, caoinfhulaingt, saoránacht, an tsíocháin agus an chobhsaíocht.

Tagann an maoiniú ó chláir, cuir i gcás Clár nua cultúir ACC-AE “I dtreo earnáil cultúir inmharthana” (€40 milliún), CREATIFI - An Tionscadal um Chistiú na hEarnála Cruthaithí (€20 milliún), TransCultura, clár um chomhar ar an oidhreacht chultúrtha i Muir Chairib (€15 milliún) agus cláir eile.

Ag an gcollóciam idirnáisiúnta ‘Culture for the Future’, a d’eagraigh an Coimisiún Eorpach an 16-18 Meitheamh 2019 sa Bhruiséil, glacadh le ‘Manifesto Culture for the Future – A vision of creativity, innovation & dialogue for inclusive development’ [‘Fís don chruthaitheacht, nuálaíocht agus idirphlé i dtreo na forbartha cuimsithí’].

Comhpháirtithe straitéiseacha

Ina theannta sin, tá 10 gcomhpháirtíocht straitéiseacha ag an Aontas: An Bhrasaíl, Ceanada, an tSín, an India, Meicsiceo, an tSeapáin, Poblacht na Cóiré (an Chóiré Theas), an Rúis, an Afraic Theas, agus na Stáit Aontaithe.

An Chóiré Theas

Tugadh an Prótacal ar an gComhar Cultúrtha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Cóiré i gcrích in 2009 laistigh de chreat an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Cóiré. Leagtar amach sa Phrótacal creat faoina rachaidh an dá Pháirtí i gcomhar lena chéile chun aistriú gníomhaíochtaí cultúrtha agus earraí agus seirbhísí, san earnáil chlosamhairc san áireamh, a éascú agus chun feabhas a chur ar na coinníollacha lena rialaítear aistrithe den chineál sin.

Faoin bPrótacal, tá Coiste um an gComhar Cultúrtha bunaithe ag an Aontas agus ag an gCóiré chun maoirseacht a dhéanamh ar a chur chun feidhme. Tionóltar cruinnithe uair sa bhliain san Aontas agus sa Chóiré gach re seal agus go dtí seo dhírigh siad ar chomhar i réimse na dtaibhealaíon (An tAontas Eorpach mar aoi oinigh ag Margadh na dTaibhealaíon sa Súl 2018), na hailtireachta (Gradam Éirim Óg na hAiltireachta), an chomhair cathair le cathair (Príomhchathracha Cultúir na hEorpa), na hoidhreachta cultúrtha agus san earnáil chlosamhairc.

An tSín

Eagraítear comhar leis an tSín i réimse an chultúir go príomha faoin Idirphlé Ardleibhéil Idir Daoine. Sa leagan is déanaí den idirphlé seo in 2017, reáchtáladh Fóram ar an gComhar idir Príomhchathracha Cultúir na hEorpa (ECoC) agus Cathracha Cultúir na hÁise Thoir (CCEA), bunaithe ar staidéar de chuid an Aontais.

I measc na dtionscnamh eile leis an tSín tá na cinn seo a leanas

  • Tionscadal Trádála II AE‑na Síne, a thacaigh le hidirphlé beartais ar thionscail chultúir agus chruthaitheacha trí dhea‑chleachtais a mhalartú
  • Mapáil chomhpháirteach ar Thírdhreach Cultúrtha agus Cruthaitheach an Aontais agus na Síne

Eagraíochtaí idirnáisiúnta

UNESCO

Tá an tAontas agus a Bhallstáit uile ina gcomhpháirtithe le Coinbhinsiún 2005 UNESCO ar Éagsúlacht Léirithe Cultúir. Tá an Coinbhinsiún ina chreat le haghaidh beartas an Aontais ar chultúr ina chaidreamh seachtrach, an trádáil agus comhar forbartha san áireamh.

D’eisigh an tAontas agus UNESCO ráiteas comhpháirteach ag athdhearbhú luachanna comhpháirteacha, agus meas ar dhínit agus cearta an duine, saoirse, daonlathas, comhionannas, an smacht reachta agus, thar aon ní eile, an ceart maidir leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh á gcur san áireamh. Bhí UNESCO ina chomhpháirtí gníomhach i mBliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha 2018 agus tá roinnt tionscadail Eorpacha á gcur chun feidhme aige faoi láthair i réimse na hoidhreachta cultúrtha.    

Comhairle na hEorpa

Is comhpháirtí tábhachtach idirnáisiúnta leis an Aontas í Comhairle na hEorpa, go háirithe in earnáil na hoidhreachta cultúrtha. Bhí Comhairle na hEorpa ina comhpháirtí gníomhach freisin i mBliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha 2018. I measc na dtionscadal comhpháirteach atá ar siúl faoi láthair tá “Bealach Faro: rannpháirtíocht mhéadaithe san oidhreacht chultúrtha”, tionscadal a chuireann chun cinn prionsabail Chreat‑Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Luach na hOidhreachta Cultúrtha don tSochaí (Coinbhinsiún Faro, 2005) agus Laethanta Eorpacha na hOidhreachta.

Cultúr agus trádáil

Cinntíonn an Coimisiún go gcuirfear gnéithe cultúrtha san áireamh i ngach ceann d’idirbheartaíocht trádála iltaobhach agus dhéthaobhach an Aontais agus nach gcuirfear seirbhísí closamhairc san áireamh in idirbheartaíocht den sórt sin.
Mar shampla, tá an Prótacal maidir le Comhar Cultúrtha laistigh de chreat Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche EU‑CARIFORM tugtha i gcrích ag an Aontas Eorpach. Is é is aidhm don Phrótacal aistrithe cultúrtha agus closamhairc a chur chun cinn a thuilleadh laistigh de chreataí sonracha comhair, i gcomhréir le príomhfhorálacha Choinbhinsiún UNESCO (Airteagal 16 ar chóir fhabhrach d'ealaíontóirí, earraí agus seirbhísí cultúir tíortha atá i mbéal forbartha).
Tacaíonn an Coimisiún Eorpach le tionscadail chultúrtha agus closamhairc le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad trína Chlár Eoraip na Cruthaitheachta.

Tras-tionscnaimh, ardáin agus gradaim chultúir faoi cheannas an Aontais

Cuireann EUNIC (Institiúidí Náisiúnta an Aontais Eorpaigh don Chultúr) réamhghníomhaíochtaí Spásanna Cultúrtha na hEorpa chun feidhme, agus é mar aidhm acu múnlaí nuálacha comhair idir gníomhaithe Eorpacha agus áitiúla i dtíortha nach Ballstáit iad a aithint, chun tacú le tionscadail chultúrtha atá ábhartha don chomhthéacs áitiúil. Mar shampla, is comhar é an tionscadal ‘The Grid’ i Stáit Aontaithe Mheiriceá idir EUNIC Silicon Valley, toscaireacht an Aontais in Washington D.C. agus roinnt comhpháirtithe. Cuireann The Grid smaointeoireacht ealaíne i gcroílár fhorbairt na dteicneolaíochtaí nua agus cuireann sé tús le comhrá idir ealaíontóirí, teicneolaithe agus lucht déanta beartas ón Eoraip, Silicon Valley agus níos faide i gcéin. Tarraingíonn Urban Cult Lab’Africa sé shaotharlann iontacha – saotharlanna déantúsaíochta digití – in Iarthar na hAfraice le chéile chun imeachtaí cultúir a chomhdhearadh, ina measc, cónaitheachtaí ealaíontóirí, imeachtaí beo agus taispeántais.

Cuireadh Ardán Taidhleoireachta Cultúrtha an Aontais ar bun chun comhairle a thabhairt maidir le beartas seachtrach cultúrtha, an líonrú a éascú, gníomhaíochtaí a dhéanamh le páirtithe leasmhara cultúir agus cláir oiliúna a fhorbairt don cheannaireacht chultúrtha. Bunaithe ar an taithí ceithre bliana leis an Ardán Taidhleoireachta Cultúrtha, seoladh Ardán Caidrimh Cultúrtha a fheidhmíonn ar fud an domhain i mí Aibreáin 2020. Chuir cuibhreannas faoi stiúir an Goethe Institute chun feidhme é, in éineacht le IETM - an Líonra idirnáisiúnta um thaibhealaíona comhaimseartha, Ollscoil Sienna agus Fondúireacht Chultúrtha na hEorpa.

Cuireann Fondúireacht Mies van de Rohe Gradaim Éirim Óg na hAiltireachta (YTAA) chun feidhme le tacaíocht Eoraip na Cruthaitheachta agus cuireann sé fáilte roimh rannpháirtíocht tíortha áirithe san Áise agus i Meiriceá Laidineach. Aithníonn an Gradam tallann ailtirí, uirbeoirí agus ailtirí tírdhreacha nuacháilithe, agus éascaíonn sé a n‑idirghníomhaíocht le príomhpháirtithe leasmhara na hearnála san Eoraip.

Ar deireadh, tá Toscaireachtaí agus Oifigí an Aontais Eorpaigh ina gcomhpháirtithe ríthábhachtacha maidir le comhar agus comhpháirtíochtaí a chothú le páirtithe leasmhara cultúir san tíortha ina bhfuil siad lonnaithe.   Is féidir le Toscaireachtaí an Aontais cuidiú le riachtanais agus deiseanna áitiúla a aithint, chun a chinntiú go bhfuil gníomhartha oiriúnach do chomhthéacsanna áitiúla cultúrtha, chomh maith le teagmháil a dhéanamh le daoine áitiúla agus freastal ar chuspóirí straitéiseacha an Aontais ag an am céanna. Na pointí fócais cultúrtha i dToscaireachtaí an Aontais, tá oiliúint á cur orthu maidir le gné chultúrtha na forbartha agus an chaidrimh sheachtraigh chun an dea‑chleachtas a scaipeadh ar bhealach níos fearr. 

An Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta a bheidh ann amach anseo, beidh sí mar phríomhuirlis airgeadais ag an Aontas Eorpach le haghaidh 2021-27 le cuidiú chun deireadh a chur leis an mbochtaineacht agus chun an fhorbairt inbhuanaithe, rathúnas, síocháin agus cobhsaíocht a chur chun cinn agus beidh tacaíocht d’earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta mar chuid de.

Is é an clár Eoraip na Cruthaitheachta an t‑aon chlár de chuid an Aontais atá dírithe go hiomlán ar thacú le hearnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta agus beidh sé ar oscailt go pointe do chomhar le tíortha nach Ballstáit iad in 2021-27.