Skip to main content

Culture and Creativity

Éiceachóras a thacaíonn le healaíontóirí

Luaitear earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, an geilleagar cruthaitheach agus an nuálaíocht mar cheann de na ceithre phríomhthosaíocht le haghaidh comhair sa cheapadh beartas cultúir sa Phlean Oibre don Chultúr 2015-18. Leagtar béim sa Chlár Oibre Eorpach Nua le haghaidh an Chultúir agus sa Phlean Oibre don Chultúr 2019-2022 ar an tábhacht a bhaineann le hearnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta maidir leis an nuálaíocht, cruthú post, comhtháthú agus folláine sochaithe.

Oibríonn earnálacha an Chultúir agus na Cruthaitheachta laistigh d’éiceachórais. I gcroílár an chur chuige éiceachórais seo tá an smaoineamh go n‑oibríonn earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta ar bhealach atá fite fuaite le hearnálacha difriúla taobh lena n‑earnálacha féin, nó le hearnálacha atá iomlán difriúil, agus ar bhealach trasearnála freisin. Tá seo tugtha le fios sa Tuarascáil ón ngrúpa MOC ar "Ról na mbeartas poiblí in acmhainneacht fiontraíochta agus nuálaíochta earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a fhorbairt".

Is iad na héiceachórais chultúrtha agus chruthaitheacha an áit a gcothaítear an nuálaíocht, go háirithe laistigh de choincheap forleathan na nuálaíochta a bhfuil méadú ag teacht ar an aitheantas a thugtar dó, a chlúdaíonn níos mó anois ná nuálaíocht na teicneolaíochta amháin, ag bogadh ó ETIM (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus matamaitic) go ETIEM (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht, na healaíona agus matamaitic) agus gnéithe den nuálaíocht shóisialta agus shochaíoch á gcur san áireamh. Léirítear an cur chuige seo i gcláir nua ar nós Fís Eorpach agus PENanna (Pobail Eolais agus Nuálaíochta) d’Earnálacha an Chultúir agus na Cruthaitheachta (CCInna), ina mbíonn ról lárnach ag earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta.

Tacaíocht agus comhchruthú an Aontais Eorpaigh

Tá an Coimisiún Eorpach i ndiaidh díriú ar chur chuige éiceachórais maidir le tacú le healaíontóirí, gairmithe cultúir agus cruthaitheachta agus ábhar Eorpach trí thionscnaimh éagsúla, mar shampla maoiniú faoin gclár Eoraip na Cruthaitheachta agus modhanna eile tacaíochta airgeadais.

D’fhill an comhthionscadal beartais FLIP (“Maoiniú, Foghlaim, Nuálaíocht agus Paitinniú”) le haghaidh CCInna, atá maoinithe ag an Aontas, ar chur chuige na n‑éiceachóras. Le cuidiú an tionscadail seo, eagraíodh comhdháil mheastóireachta i mí Eanáir 2020 inar ghlac an Coimisiún agus saineolaithe ó na Ballstáit páirt le breathnú ar éachtaí a bhaineann le maoiniú, nuálaíocht agus ábhair thábhachtacha eile do ECCanna. Léigh conclúidí na comhdhála [pdf].

Comhroinnt faisnéise

Is féidir eolas breise ar ECCanna a fháil ar ardán Creatives Unite freisin. Tástáil agus comhcheapadh beartas, piarfhoghlaim agus aistriú dea‑chleachtais leis an tsochaí shibhialta (an t-idirphlé Voices of Culture) agus gníomhaíochtaí eile piarfhoghlama le moil chruthaitheacha, cuir i gcás líonra an Aontais de mhoil chruthaitheacha le cathracha agus réigiúin, cuidíonn sin chun beartais a cheapadh d’éiceachórais an chultúir agus na cruthaitheachta.

Coinníollacha oibre

Chun an Plean Oibre don Chultúr 2019-2022 a chur chun feidhme, sheol an Coimisiún staidéar ar stádas agus ar choinníollacha oibre ealaíontóirí agus gairmithe cultúir agus cruthaitheacha, a leanfaidh grúpa MOC, chomh maith le hidirphlé Voices of Culture ar choinníollacha oibre ealaíontóirí. Cuireann na gníomhaíochtaí sin le tionscnaimh roimhe seo ar nós tuarascáil MOC 2012 inar moladh príomhphrionsabail le haghaidh creat láidir chun tacú le soghluaisteacht ealaíontóirí agus gairmithe cultúir (reáchtáladh cruinniú meastóireachta in 2016). Is ann freisin do Staidéar 2006 Pharlaimint na hEorpa ar Stádas Ealaíontóirí san Eoraip, nó grúpa MOC 2018 ar an Nuálaíocht agus an fhiontraíocht sna hearnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha, a mhol go mbreathnófaí níos grinne ar choinníollacha oibre.

Maoiniú agus rialáil níos forleithne

Ar thaobh an mhaoinithe de, tacaíonn an tAontas le héiceachórais trí chláir ar nós Eoraip na Cruthaitheachta, Fís 2020, COSME (Erasmus d’Fhiontraithe Óga san áireamh) nó Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa.

Timpeallacht rialála an Aontais, mar shampla leasuithe maidir le cearta Maoine Intleachtúla faoi chuimsiú na Straitéise maidir le Margadh Aonair Digiteach don Eoraip, déanann sin difear freisin d’fhorbairt ECCanna sa bhealach a n-oibríonn siad agus do cheapadh beartas fianaisebhunaithe.