Skip to main content

Culture and Creativity

An Triúr Deartháireacha (an Laitvia)

Is coimpléacs trí theach i Ríge é an ‘Triúr Deartháireacha’ a tógadh idir an 15ú agus 17ú haois. I measc na dtrí theach tá an teach cloiche is sine ar marthain atá ar eolas againn i Ríge agus foirgneamh a bhfuil a aghaidh bunaithe ar líníochtaí le Hans Vredeman de Vries. Tá saintréithe thithe cónaithe na mbailte Hainseatacha sa Réigiún Baltach ag baint leis na foirgnimh. Tháinig athrú orthu i gcaitheamh na mblianta. Tharla an t‑athrú is déanaí sna 1950idí faoin ailtire Peteris Saulīis. San fheachtas athchóirithe sin, rinneadh píosaí ó fhoirgnimh eile a bhí scriosta agus caillte a chomhtháthú san ensemble.

Le linn do na Sóivéadaigh a bheith i seilbh na Laitvia bhí an coimpléacs ar cheann de na chéad láithreáin a ndearnadh athchóiriú air, obair a bunaíodh ar an bhfealsúnacht agus an cleachtas caomhantais a tháinig chun cinn i bPoblacht na Laitvia sa tréimhse idir an dá chogadh. Is é is aidhm don fhealsúnacht sin an méid is mó is féidir d’ábhar stairiúil, ábhar caite san áireamh, a choinneáil, agus is í a bhí mar bhonn eolais freisin do thograí eile athchóirithe, d’ainneoin na mbagairtí agus an bhrú ó na háitritheoirí Sóivéadacha. Tá ról tábhachtach fós ag an láithreán sa chaomhnú oidhreachta sa Laitvia toisc gurb ann atá an Bord Náisiúnta Oidhreachta agus Músaem Ailtireachta na Laitvia lonnaithe.

Caomhnú na hoidhreachta agus na coincheapa a bhí mar bhonn eolais ag an gcaomhnú sin, bhí ról ríthábhachtach acu ó thaobh cur in aghaidh scrios chultúr na Laitvia le linn fhorghabháil na Sóivéadach, agus chun an nasc leis an Eoraip agus luach na saoirse a choimeád i rith na tréimhse sin. Bhí an Triúr Deartháireacha’ i gcroílár na gluaiseachta sin.
Tar éis neamhspleáchas a bhaint amach in 1991, tugadh tosaíocht mhór don bheartas oidhreachta, rud a bhí bunaithe ar na prionsabail maidir le caomhnú na hoidhreachta cultúrtha a forbraíodh san Eoraip. Tá sé sin ag tarlú fós, agus tá ghné nua na mbeartas oidhreachta comhtháthaithe i bhfís fhadtéarmach atá bunaithe ar an sampla a bhaineann le Ríge na staire a chosaint ar dhrochthionchar na forbartha eacnamaíche ar bhain cur chuige dúshaothraithe róláidir leis. Mar gheall air sin, tá an ‘Triúr Deartháireacha’ ina siombail de chórais chosanta na hoidhreachta cultúrtha agus a gcuid ‘cumhachtaí boga’ san Eoraip anois.