Skip to main content

Culture and Creativity

Turasóireacht chultúrtha inbhuanaithe

Is rud é an cultúr lena ndéantar an fhorbairt inbhuanaithe a thiomáint agus a éascú.

Acmhainn luachmhar is ea oidhreacht chultúrtha na hEorpa i réimsí na turasóireachta, an oideachais, na fostaíochta agus na forbartha inbhuanaithe. Tá an turasóireacht chultúrtha inbhuanaithe ina cuid ríthábhachtach de straitéisí forbartha réigiúnacha agus macrairéigiúnacha. Sa chomhthéacs sin, déanann an cultúr an fhorbairt inbhuanaithe a thiomáint agus a éascú araon.

Turasóireacht: an chothromaíocht idir an oidhreacht a fhorbairt agus a chosaint

Bealach iontach is ea an turasóireacht chun rochtain ar an oidhreacht chultúrtha a spreagadh agus a sholáthar, ach tagann dúshláin a bhaineann le plódú, leithghabháil chultúrtha agus caillteanas barántúlachta léi freisin. Meallann an turasóireacht airgead agus poist chuig cathracha agus réigiúin, ach is féidir léi damáiste a dhéanamh freisin do shaol laethúil na gcónaitheoirí agus do chultúr agus d’oidhreacht an cheantair.

Mar gheall ar na héifeachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith leis an iomarca turasóireachta agus lena tionchar ar an oidhreacht chultúrtha, tá roinnt pobail áitiúla agus saineolaithe oidhreachta tar éis cur in aghaidh na turasóireachta agus na forbartha a ghabhann léi.

Cuireann an turasóireacht chultúrtha inbhuanaithe dearcadh nua ar fáil, mar go gcuireann sí oidhreacht chultúrtha agus pobail áitiúla ag croílár na bpróiseas cinnteoireachta.

Tá sé tábhachtach go mbeadh pobail áitiúla agus páirtithe leasmhara eile páirteach sna próisis chinnteoireachta sin lena chinntiú go mbeidh torthaí ann a théann chun tairbhe don oidhreacht chultúrtha agus don daonra áitiúil araon. Is é cuspóir na turasóireachta cultúrtha inbhuanaithe dea-chleachtais chaomhantais a chinntiú, sin agus léirmhíniú barántúil a thacaíonn leis an ngeilleagar áitiúil.

Tuilleadh eolais faoin méid atá ar siúl ag an gCoimisiún Eorpach chun turasóireacht chultúrtha inbhuanaithe a spreagadh.

An mheitheal um an Modh Oscailte Comhordúcháin don Turasóireacht Chultúrtha Inbhuanaithe

Áiríodh sa Phlean Oibre don Chultúr a ghlac Ballstáit an Aontais don tréimhse 2015-2018 meitheal ina mbeadh saineolaithe Eorpacha maidir leis an turasóireacht chultúrtha inbhuanaithe faoin gcur chuige ‘Modh Oscailte Comhordúcháin’.

Áirítear sa tuarascáil a tháinig uaidh sin an chéad sainmhíniú ar an turasóireacht chultúrtha inbhuanaithe, chomh maith le moltaí agus treoirlínte do dhéantóirí beartas agus 27 gcás-staidéar ina léirítear na dea-chleachtais san oidhreacht chultúrtha inláimhsithe agus dholáimhsithe araon.

Léigh an tuarascáil faoin turasóireacht chultúrtha inbhuanaithe.

Tionscadail roghnaithe

Tionscadal SPOT

Maoiníodh an tionscadal seo faoi chlár Fís 2020 agus is é is aidhm dó cur chuige nua a fhorbairt chun an turasóireacht chultúrtha a thuiscint agus aghaidh a thabhairt uirthi, sin agus forbairt ceantar faoi mhíbhuntáiste a chur chun cinn.

Tuilleadh eolais faoin tionscadal SPOT.

SmartCulTour

Is tionscadal é seo a maoiníodh faoi Fís 2020 agus a thacaíonn leis an bhforbairt i réigiúin na hEorpa ag a bhfuil sócmhainní cultúrtha tábhachtacha, inláimhsithe agus doláimhsithe, tríd an turasóireacht chultúrtha inbhuanaithe.

Tuilleadh eolais faoi SmartCulTour.

IMPACTOUR

Maoiníodh an tionscadal seo faoi Fís 2020 agus nascann sé páirtithe leasmhara agus taighdeoirí sa turasóireacht chultúrtha a bhfuil cuir chuige agus modhanna acu chun tacú le turasóireacht chultúrtha na hEorpa. Is é is aidhm don tionscadal an bhraistint mhuintearais a threisiú agus luach a chur ar chultúir mhionlaigh.

Tuilleadh eolais faoin tionscadal IMPACTOUR.

Cinn Scríbe Sármhaitheasa na hEorpa (EDEN)

Le EDEN cuirtear múnlaí turasóireachta inbhuanaithe chun cinn ar fud an Aontais. Tríd an tionscnamh seo, roghnaíonn tíortha comhpháirtíochta “cinn scríbe sármhaitheasa” agus cuireann siad chun cinn iad.

Tarraingíonn EDEN aird ar chinn scríbe neamhthraidisiúnta na hEorpa atá ag teacht chun cinn, ag tarraingt aird ar a luachanna agus a saintréithe. Oibríonn sé freisin mar ardán chun dea-chleachtais a chomhroinnt idir na cinn scríbe ar bronnadh an stádas orthu. Roghnaíonn an Coimisiún Eorpach agus Comhlachtaí Turasóireachta Náisiúnta téama gach bliain. Ba é an turasóireacht chultúrtha téama EDEN in 2017.

Cuir eolas ar na cinn scríbe bhuacacha ar shuíomh gréasáin EDEN.