Tá creat straitéiseach an Aontais Eorpaigh don oidhreacht chultúrtha comhdhéanta de na gnéithe a leanas:
- Teachtaireachta ón gCoimisiún Eorpach: "I dtreo cur chuige comhtháite i leith na hoidhreachta cultúrtha don Eoraip" (2014). Féach freisin an phreaseisiúint lena ngabhann.
- An Clár Oibre Eorpach Nua don Chultúr (2018): oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chosaint agus a chur chun cinn mar acmhainn chomhroinnte, tá sin ar cheann de na cuspóirí straitéiseacha.
- Leagtar amach i bPlean Oibre reatha na Comhairle Eorpaí don Chultúr 2019-22 (2018) cúig thosaíocht le haghaidh comhar Eorpach maidir le beartas cultúir a cheapadh, lena n-áirítear inbhuanaitheacht na hoidhreachta cultúrtha.
- Leis an gCreat Gníomhaíochta Eorpach maidir leis an Oidhreacht Chultúrtha (2018) cuirtear leis an rath a bhí ar Bhliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha 2018 Léirítear ann an socrú coiteann le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann leis an oidhreacht ar an leibhéal Eorpach, i mbeartais agus i gcláir de chuid an Aontais go príomha, agus áirítear ann timpeall 60 gníomhaíocht a chuir an Coimisiún Eorpach i bhfeidhm in 2019 agus 2020.
Foghlaim tuilleadh faoi ról an Aontais sa réimse
- Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin – Creat Gníomhaíochta Eorpach maidir leis an Oidhreacht Chultúrtha (ar fáil i 24 theanga an Aontais)
- Tuarascáil maidir le Bliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha a chur chun feidhme (Doiciméad Inmheánach Oibre)
- Bileog Fíricí faoin gCreat Gníomhaíochta Eorpach maidir leis an Oidhreacht Chultúrtha – bileog fíricí
- Preaseisiúint maidir leis an gcreat seo
- Teachtaireacht ón gCoimisiún: An Clár Oibre Eorpach Nua don Chultúr – Doiciméad Inmheánach Oibre
- Teachtaireacht ón gCoimisiún: An Clár Oibre Eorpach don Chultúr 2007
- Rún ón gComhairle maidir leis an gClár Oibre Eorpach don Chultúr, 2007
- Plean Oibre na Comhairle don Chultúr, 2019-2022
- Plean Oibre na Comhairle don Chultúr, 2015-2018
- Tuarascáil maidir leis an gClár Oibre Eorpach don Chultúr a chur chun feidhme
- Eorabharaiméadar Speisialta maidir leis an oidhreacht chultúrtha