Skip to main content

Culture and Creativity

Limistéar Seandálaíochta Ostia Antica (an Iodáil)

I Limistéar Seandálaíochta Ostia Antica tá iarsmaí lonnaíochta Rómhánaí a bhí suite an chéad lá riamh ag béal na Tibire ar chósta thiar na hIodáile. D’fhág athruithe ar chaol na habhann agus ar an gcósta go bhfuil na hiarsmaí thart ar 4 km ón bhfarraige anois. Bunaíodh Ostia sa 6ú haois RC, ach téann na dúin is luaithe siar go dtí an 4ú haois. Bhí an lonnaíocht ann ar dtús báire chun béal na Tibire a chosaint, ach nuair a thóg Claudius agus Trajan calafort nua níos déanaí forbraíodh an chathair agus rinneadh ionad mór gníomhach tráchtála de a scaip amach thar bhallaí na cathrach. Mar phríomhchalafort na Róimhe, ba ghearr go raibh tábhacht mhór straitéiseach agus tráchtála le Ostia i limistéar na Meánmhara. Faoi dheireadh an 2ú haois A.D. bhí borradh faoin gcathair i gcónaí agus bhí breis agus 50,000 duine ina gcónaí ann. Tháinig meath uirthi i lár an 3ú haois A.D. tráth ar bhog fócas na hImpireachta i dtreo an oirthir.

Is láthair é Limistéar Seandálaíochta Ostia Antica ina raibh earraí fairsing agus inar mheasc cultúir agus reiligiúin éagsúla le chéile. Mar bhealach chun na Róimhe bhí meascán mearaí in Ostia de dhaoine a mhair faoi Impireacht na Róimhe agus b’áit í ag a raibh tionchar a chuaigh i bhfad ar thalamh, ar fud imchuach na Meánmhara agus níos faide i gcéin. Tá fianaise ar an trádáil, na rudaí a díoladh agus a ceannaíodh agus ar na daoine éagsúla a mhair ann fós le brath inniu sna hurláir mhósáice, sna hiarsmaí seandálaíochta agus sna hinscríbhinní sochraidí.