Skip to main content

Culture and Creativity

Oidhreacht Chultúrtha Faoi Uisce na nAsór (an Phortaingéil)

Tá líonra de 30 láithreán tumtha poiblí in Oidhreacht Chultúrtha Faoi Uisce na nAsór agus iad bunaithe ar raon longbhristeacha a tharla idir an 15ú agus 20ú haois.
Is sampla iad na láithreáin seo d’oidhreacht iomlán faoi uisce na nAsór, ina bhfuil os cionn 1000 longbhriseadh a bhfuil cuntas orthu, thart ar 100 láithreán seandálaíochta aitheanta faoi uisce san áireamh.

Bhí tábhacht straitéiseach le hoileánra na nAsór do thurais trasna an Atlantaigh. Tá baint ag an 30 longbhriseadh le gnéithe difriúla de stair agus de thrádáil na hEorpa idir an 16ú agus 20ú haois:

  • Bealach an Airgid go Meiriceá Theas
  • trádáil sclábhaithe thrasatlantach
  • coinbhleachtaí míleata ar nós Chogadh Saoirse Mheiriceá agus an dá Chogadh Domhanda
  • longa imirce ón Eoraip go Meiriceá

turais taiscéalaíochta ar nós thuras cáiliúil an Beagle ar ar thaistil Charles Darwin timpeall Mheiriceá Theas.
Tugann Oidhreacht Chultúrtha Faoi Uisce na nAsór, mar a léirítear í tríd an sampla seo de 30 longbhriseadh, léargas ar ról na nAsór i stair na hEorpa mar ‘scrogall an domhain’ don tseoltóireacht thras‑ilchríochach i gcaitheamh na gcéadta blianta. Cuireann longbhristeacha na nAsór fianaise ábhartha ar fáil maidir le leathadh mhuintir na hEorpa thar farraige, agus maidir le túsphointí luatha an domhandaithe i dtéarmaí trádála, gníomhaíochtaí míleata, imirce, etc. Cuirtear na longbhristeacha i láthair mar thaisceadáin todhchaí de stair na hEorpa, iad ina siombail de thréimhsí difriúla agus de chríocha difriúla. Cuirtear an ghné Eorpach, an ghné thrasteorann, agus an ról agus an áit a bhí aige i stair na hEorpa in iúl go maith sa chur síos ar an láithreán.