Skip to main content

Culture and Creativity

Eastáit Werkbund san Eoraip (an Ostair, Poblacht na Seice, an Ghearmáin, an Pholainn)

Is láithreán trasnáisiúnta iad 'Eastáit Werkbund san Eoraip 1927‑1932' a bhfuil ceithre thír (an Ghearmáin, an Pholainn, Poblacht na Seice, an Ostair) agus cúig bhaile (Stuttgart, Wroclaw, Brno agus Prág, Vín) mar chuid de. Tar éis an Chéad Chogaidh Domhanda, bhí fadhb phráinneach ar fud na hEorpa toisc chomh gann agus a bhí tithíocht oiriúnach. Mar fhreagairt faoin mbrat ‘Oibiachtúlacht Nua’ bhí ailtirí avantgarde ó chodanna difriúla den Eoraip ag iarraidh réitigh inacmhainne a fháil a chomhlíonfadh an riachtanas sóisialta le foirgnimh dhea‑dheartha agus ar ardchaighdeán.

Tógadh an chéad Eastát Werkbund, Weissenhof, in Stuttgart in 1927 agus thug sé inspioráid do dhaoine eile prionsabail nua‑aoiseacha a ghlacadh i dtaca le tionscadail den chineál céanna. Tháinig eastáit eile ina dhiaidh sin ó 1928 go 1932. Bhí deacrachtaí acu go léir a gcuid smaointe forásacha a chur in iúl don phobal i gcoitinne. Faoi réimeas na Naitsithe rinneadh ceap magaidh de na foirgnimh de bharr iad a bheith nua‑aoiseach. Tar éis an Dara Cogadh Domhanda, agus cuid d'Eastáit Werkbund anois ar chúl an Chuirtín Iarainn, chuaigh na heastáit ar a mbealach féin. In 2013 bunaíodh líonra de na heastáit chun malartuithe dea‑chleachtais agus comhairle a chur chun cinn ar mhaithe lena dtabhairt slán. Is cuid de líonra 2013 é an tEastát Werkbund in Zürich (an Eilvéis).

Cuireadh 'Eastáit Werkbund san Eoraip 1927‑1932' ar bun mar thurgnamh ailtireachta ach bhí tionchar mór acu ar ailtireacht nua‑aoiseach an 20ú céad trí dheis a thabhairt d’ailtirí ó thíortha difriúla san Eoraip a dteoiricí nua‑aoiseacha a chur i bhfeidhm. Is léiriú iad na hEastáit ar bhunús Eorpach na gluaiseachta seo tráth a rinneadh forbairtí suntasacha i gcúig thír.

Bhí áit thábhachtach ag Eastáit Werkbund i stair na hailtireachta san Eoraip, ach léiríonn éabhlóid na lonnaíochtaí le himeacht aimsire freisin na staideanna éagsúla polaitiúla agus sóisialta idir an tOirthear agus an tIarthar. Tá a n‑ardaidhmeanna sóisialta, fuascailte, aeistéitiúla agus teicniúla, agus na ceachtanna a foghlaimíodh, fós ina bhfoinse inspioráide sa lá atá inniu ann agus roinnt tíortha de chuid na hEorpa ag streachailt freisin chun tithíocht shóisialta leormhaith a chur ar fáil do dhaoine.