Skip to main content

Culture and Creativity

Ceardlanna Dearaidh Gdańsk

Áit ar féidir le muintir na háite dúshláin uirbeacha a réiteach agus a gcathair a mhúnlú.

Tír:
Type of project :
Size of city/region:
People around a table with a city planning.

Príomhfhíorais

Príomhurraitheoir: Cathair Gdańsk

An bhliain a cuireadh an tionscadal i gcrích: ar lean

Duaiseanna: Duais Cheannaire an Rialtais Áitiúil 2022 ó Chumann Chathracha na Polainne

Cathair/cúlra réigiúnach

Tá cur chuige cuimsitheach ag Gdańsk chun cáilíocht saoil agus folláine a mhuintire a chinntiú trí bhainistiú comhfhiosach a dhéanamh ar an timpeallacht thógtha. Le Straitéis Forbartha Gdańsk 2030+ tugtar tús áite do cháilíocht agus comhleanúnachas an spáis phoiblí i spriocanna forbartha na cathrach.

Chruthaigh Gdańsk post Ailtire na Cathrach in 2021 chun pleanáil uirbeach, aeistéitic agus cáilíocht na timpeallachta tógtha, idir nua agus athshlánaithe, a chomhordú. Feidhmíonn Ailtire na Cathrach san áit a dtagann ranna rialtais áitiúla éagsúla agus beartais earnáilsonracha le chéile chun cabhrú le cathair ghlas, choiteann, inrochtana agus nuálach a dhéanamh de Gdańsk.

I measc a chuid gníomhaíochtaí, déanann Ailtire na Cathrach comhairliúcháin agus próisis rannpháirtíochta le pobail áitiúla chun ceantair phoiblí agus phríobháideacha.

Réiteach

Is éard atá i gCeardlanna Dearaidh Gdańsk sraith cruinnithe atá dírithe ar an nuálaíocht maidir le spás poiblí a mhúnlú. Is foireann ildisciplíneach ó Oifig Ailtire na Cathrach a fhorbraíonn agus a chuireann na cruinnithe sin i bhfeidhm, in éineacht le saineolaithe seachtracha nuair is gá.

Tá Ceardlanna Dearaidh Gdańsk uilechuimsitheach agus oscailte do gach páirtí leasmhara, e.g. muintir na háite, speisialtóirí sa phleanáil uirbeach agus san ailtireacht, agus daoine nach speisialtóirí iad, infheisteoirí, an pobal eolaíochta, oifigigh rialtais áitiúil, eagraíochtaí neamhrialtasacha.

Trí phróiseas na gceardlann dearaidh, mar shampla, rinneadh staidéar ar stráice Ascaill Grunwaldzka, ceantar seirbhíse tábhachtach sa chathair, rud a chuirfidh le líon na bpost, na n-árasán, na seirbhísí, na spásanna glasa agus leis an ngréasán iompair phoiblí. Sampla eile is ea an fhís ailtireachta agus uirbeach a forbraíodh ag an mbealach isteach chuig trá Stogi.

Déantar prionsabail straitéis forbartha na cathrach a chorprú sna ceardlanna, is iad sin comhoibriú, oideachas, oscailteacht, comhshaol agus soghluaisteacht. Leagtar béim ar spás poiblí, ar an lánpháirtiú sóisialta agus ar an ngníomhaíocht shibhialta, agus dírítear sna ceardlanna go príomha ar shaincheisteanna áitiúla a réiteach agus ar mholtaí a dhéanamh maidir le bealaí úra chun an chathair a mhúnlú.

Maireann an próiseas idir 3 mhí agus 2 bhliain, agus de ghnáth reáchtáiltear 5 chruinniú: intreoir, trí cheardlann agus cruinniú deiridh ina ndéantar moltaí maidir leis an bpleanáil sa todhchaí.

Cuireadh thart ar 10 dtionscadal i gcrích cheana féin leis an modh sin.

Critéir i leith an ardchaighdeáin (comhthéacs, ómós áite, éagsúlacht, áilleacht)

  • Le gach próiseas ceardlainne, feabhsaítear an timpeallacht uirbeach trí úsáid a bhaint as na hacmhainní daonna, ailtireachta, nádúrtha agus cultúrtha atá ar fáil, agus déantar bainistiú ar shrianta agus mífheidhmiú an spáis ag an am céanna.
  • An saineolas agus na páirtithe leasmhara a úsáidtear i modh na gceardlann dearaidh, déantar iad a oiriúnú go speisialta le haghaidh gach topaice, ceantair agus saincheiste. Bhí baint ag pleanálaithe uirbeacha, socheolaithe, ailtirí, staraithe, innealtóirí, eacnamaithe, oideachasóirí, speisialtóirí TF agus saineolaithe meán agus caidrimh phoiblí leis na ceardlanna
  • Tá na ceardlanna dearaidh tar éis cur go mór leis an gcothú muiníne idir riarachán na cathrach agus an pobal. Mar thoradh orthu, mothaíonn daoine go bhfuil sé de chumhacht acu tionchar níos láidre a imirt ar an gceapadh beartas, agus go bhfuil freagracht chomhroinnte ann maidir le héifeachtaí chur i bhfeidhm na mbeartas sin ar spás fisiceach, comhshaoil agus sóisialta na cathrach.
  • Tá nasc mothúchánach ag na daoine a bhíonn páirteach sna ceardlanna dearaidh leis an áit ina bhfuil an claochlú ag tarlú. Cuireann na ceardlanna le hoideachas aeistéitiúil na rannpháirtithe, agus mothaíonn siad ansin go bhfuil siad freagrach as na réitigh a chuirtear i bhfeidhm, agus feidhmíonn siad mar a bheadh ambasadóirí iontu maidir lena gcáilíocht agus a n-oiriúnacht.

Pleanáil agus bainistíocht

Is í Oifig Ailtire na Cathrach, a bhfuil ball foirne lánaimseartha amháin agus triúir páirtaimseartha aici, a reáchtálann na ceardlanna.

Buiséad agus maoiniú

Ag brath ar chastacht na faidhbe a bhíonn le réiteach le modh na gCeardlann Dearaidh agus na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, bíonn buiséad idir 5,000 agus 180,000 złoty na Polainne (idir €1079 agus €38,841) ar fáil do gach próiseas ceardlainne dearaidh.

Ar an meán, bíonn costas €3,500 i gceist chun tuarastal na foirne a íoc i bpróiseas ceardlainne (6 mhí).

Smaointí inaistrithe

Trí leid ón gcathair/réigiún:

  • Foireann a thabhairt i gceann ar a chéile: réimse leathan scileanna a chruinniú agus béim a leagan ar scileanna sóisialta (cumarsáid, idirghabháil, ceannaireacht).
  • Feasacht a ardú maidir le luach na gceardlann dearaidh i measc ceannairí polaitiúla áitiúla agus i riarachán na cathrach chun an cur chuige sin a mhaoiniú.
  • A bheith solúbtha maidir leis an bpróiseas, gan drogall a bheith ort obair a dhéanamh ar bhealach neamhghnách nó ar bhealach cothrománach. A bheith cróga, gan eagla a bheith ort botúin a dhéanamh, a bheith cairdiúil, a bheith macánta agus gan éirí as!

Sonraí teagmhála

Déan teagmháil le bardas Gdańsk trí ríomhphost.